Buaic-Ghradam Cumarsáide Bronnta ar Phádhraic Ó Ciardha

Pádhraic Ó Ciardha ar stáitse ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais tar éis dá Bhuaic-Ghradam Cumarsáide bheith bronnta air
Thursday, November 1, 2018 - 10:00

Bronnadh an Buaic-Ghradam Cumarsáide ar chéimí de chuid Ollscoil Mhá Nuad agus léachtóir reatha ar na meáin chumarsáide le Roinn na Nua-Ghaeilge Pádhraic Ó Ciardha ag Oireachtas na Samhna ar 31 Deireadh Fómhair mar thoradh ar a cheannródaíocht in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge thar thréimhse fada blianta. Tugann Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais aitheantas do shaothar saoil in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge. “Bhí Pádhraic Ó Ciardha ar thús na cadhnaíochta i gcónaí i dtaca leis na mór-fhorbairtí in earnáil na cumarsáide Gaeilge”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, “agus tá rian a chur chuige fuinniúil, nuálach, cruthaitheach le feiceáil go soiléir ar stíl, éiteas agus luachanna TG4.” As Na hAille, Cois Fharraige i nGaeltacht na Gaillimhe ó dhúchas, dúirt Pádhraic go raibh idir bhród agus iontas air an Buaic-Ghradam seo a fháil agus go raibh an t-ádh air ó thús a thréimhse mar chraoltóir go raibh sé timpeallaithe ag daoine stuama, gairmiúla a thug cúnamh agus comhairle go fial dó agus a chinntigh gur baineadh amach na spriocanna uaillmhianacha a bhí acu. “Cuireadh allas, cinnte”, ar sé, “ach rinneadh go leor gáire freisin.”