Céimeanna Bronnta ar bhreis agus 1,750 mac léinn ag Searmanais Bhronnta, Ollscoil Mhá Nuad

Wednesday, September 9, 2015 - 15:45

Bhí an ghrian ag spalpadh do Bhronnadh na gCéimeanna in Ollscoil Mhá Nuad i mbliana. Bronnadh réimse céimeanna ag leibhéal fochéime agus ag leibhéal iarchéime ar bhreis agus 1,750 mac léinn, naoi gcéimí PhD is tríocha san áireamh.
Bronnadh ocht gcéim don chéad uair i mbliana; Baitsiléir Eolaíochta: Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil, Baitsiléir Eolaíochta: Ilmheáin, Forbairt Soghluaiste agus Gréasán, BA san  Fhealsúnacht, Polaitíocht agus Eacnamaíocht, Baitsiléir Gnó sa Mhargaíocht agus Ard-Dioplóma sa Staidéar Dlí san áireamh. 

Is í Ollscoil Mhá Nuad an ollscoil is gasta fás sa tír. Tá breis agus 10,500 mac léinn ag freastal uirthi – 1,500 mac léinn a bhfuil iarchéim teagaisc ar bun acu nó ar mic léinn proifisiúnta iad agus 400 mac léinn dochtúireachta ina measc.