Ceolchoirm na Nollag ar mhaithe leis an gcarthanas ALONE

Mic léinn ó Roinn Ceoil na hOllscoile ag seinm ag an ócáid
Wednesday, December 6, 2017 - 15:30

Bailíodh breis agus €300 le déanaí ag Ceolchoirm na Nollag. D’eagraigh Oifig na Gaeilge agus Cuallacht Cholm Cille, Cumann Gaelach na hOllscoile, an ócáid seo ar mhaithe leis an gcarthanas ALONE. Buíochas leis na rannpháirtithe go léir (mic léinn agus baill foirne) agus leis an slua a bhí i láthair as tacú leis an ócáid.