Gníomhaíochas agus an Ghaeilge Pléite in Aontas Mac Léinn Mhá Nuad

Muintir an phléphainéil "Gníomhaíochas agus an Ghaeilge" leis an té a d'eagraigh é, Ruairí Weiner, ar dheis
Friday, April 24, 2020 - 16:00

Ar an Máirt de Sheachtain na Gaeilge 2020 in Ollscoil Mhá Nuad, chuir Ruairí Weiner, Oifigeach na Gaeilge agus Gnóthaí Cultúrtha le hAontas Mac Léinn Mhá Nuad don bhliain acadúil 2019 - 2020, pléphainéal ar siúl sa Venue. Phioc sé an téama “gníomhaíochas agus an Ghaeilge” mar tuigeann muid go léir, dar leis, ár ról speisialta mar aontas le cearta a chur chun cinn agus tacú le heagraíocht phobail. Bhraith Ruairí, agus é ag breathnú siar ar an ócáid, go raibh an t-ádh orthu siúd a bhailigh le chéile di go raibh iar-uachtarán na Cuallachta agus iar-seanadóir an Aontais Róisín Ní Mhaoláin (Conradh na Gaeilge) ann ar an oíche mar chathaoirleach agus go raibh aíonna den chéad scoth ann freisin le Clíodhna Ní Dhufaigh (Aontas na Mac Léinn in Éirinn), Hannah Rua Ní Bhaoill (Gaeltacht na Mí), Kerron Ó Luain (Misneach), agus Conchúr Ó Muadaigh (Conradh na Gaeilge) ina measc.

Dúirt Ruairí an méid seo a leanas mar gheall ar an bpléphaineal: "Tá pobal na Gaeilge láidir sa mhórcheantar seo agus is mór d’Aontas na Mac Léinn Mhá Nuad an pobal sin a cheiliúradh gach Seachtain na Gaeilge. Anuas air sin caithfidh muid ár mbuíochas a ghabháil leis an Dr Brian Mac Maghnuis (Oifig na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad) agus leis an Dr Caitlín Nic Íomhair (Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad) as an sár-obair a rinne siad le sprioc an imeachta seo a bhaint amach. Is léir go bhfuil an-tacaíocht don teanga in Ollscoil Mhá Nuad agus go bhfuil an-tacaíocht á tabhairt ag foireann le Gaeilge san Ollscoil do mhic léinn." Is féidir éisteacht siar ar an bpléphainéal ina iomlán anois tríd an nasc seo - https://www.youtube.com/watch?time_continue=9&v=TKE5wesltJY&feature=emb_logo