Gradam Campais Buaite ag Cuallacht Cholmcille

Coiste Chulllacht Cholmcille le feiscint ag tús na bliana acadúla 2019 - 2020.
Friday, May 1, 2020 - 14:45

Bhí ríméad ar mhuintir Chuallacht Cholmcille le déanaí nuair a bhuaigh siad an Gradam don Chumann is Feabhsaithe ag Gradaim na gClubanna agus na gCumann de chuid Ollscoil Mhá Nuad, a craoladh ar líne den chéad uair riamh mar gheall ar ghéarchéim an víris chorónaigh. Is minic a bhuann Cuallacht Cholmcille, an cumann Gaelach ollscoile is sine sa tír atá ar an bhfód le breis agus 120 bliain, gradaim ag comórtais ollscoile Ghlór na nGael agus Chonradh na Gaeilge ach is mór acu an t-aitheantas seo a ghnóthú ar a gcampas féin i mbliana as an tréanobair a dhéanann siad chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar chuid lárnach de shaol ár n-ollscoile.
 
Ag caint i ndiaidh na nuachta, dúirt Lucy Nic Aindrís, Uachtarán Chuallacht Cholmcille don bhliain acadúil seo: “Ní rabhamar ag tnúth leis ar chor ar bith, agus táimid fíor-bhuíoch as an ngradam seo. Míle buíochas le hOifig na Gaeilge, Clubanna agus Cumainn Ollscoil Mhá Nuad, Roinn na Nua-Ghaeilge agus foireann na hollscoile go léir as an gcabhair an bhliain seo. Agus go raibh míle maith ag gach aon duine a bhí mar bhall den Chuallacht i mbliana, an coiste as an obair ar fad a rinneadar, éinne a tháinig chuig na himeachtaí agus  a thug tacaíocht dúinn go pearsanta agus ar líne chun an Ghaeilge a spreagadh agus a scaipeadh timpeall Ollscoil Mhá Nuad, agus ar aghaidh! Is linne go léir é an gradam seo. Tá súil againn gur féidir céilliúradh a bheith againn i mí Mheán Fomhair óir tá sé tuillte againn.”