Gradam Ghlór na nGael don Obair Phobail Bronnta ar Chuallacht Cholmcille

Conchúr Ó Luadhóg agus Lucy Nic Aindrís, Leasuachtarán agus Uachtarán na Cuallachta don bhliain acadúil 2019 - 2020
Friday, May 22, 2020 - 10:00

Ag searmanas ar líne ar 21 Bealtaine, bronnadh Gradam Ghlór na nGael don Obair Phobail ar Chuallacht Cholmcille, ár gcumann Gaelach sean-bhunaithe, ceiliúrtha ar champas Mhá Nuad. Is mar gheall ar a gcuid oibre agus iarrachtaí le linn na bliana acadúla 2019 - 2020, fad is a bhí Lucy Nic Aindrís mar Uachtarán agus Conchúr Ó Luadhóg ag tacú leí mar Leasuachtarán, a bronnadh an gradam seo orthu a bhfuil duaischiste de €1000 ag baint leis. Is príomhsprioc de chuid na Cuallachta le fada an lá í nascanna láidre a chruthú le pobal na hollscoile i gcoitinne agus tháinig an ghné seo go mór chun tosaigh i mbliana faoi stiúir Lucy agus Conchúir, ina gcomhoibriú leis an gCumann Tae, leis an gCumann Meabhairshláinte, leis an gCumann Damhsa, leis an gCumann Drámaíochta agus leis an gCumann Disney ach go háirithe. 

I ndiaidh don toradh bheith fógraithe ar líne, dúirt Caolán Mac Grianna, Comhordaitheoir Tríú Leibhéal le Conradh na Gaeilge a bhí ag cuidiú leis an bpainéal moltóireachta ina measúnú de na cumainn, an méid seo a leanas mar gheall ar bhua na Cuallachta: "Bhí sé feiceálach go raibh bliain thar a bheith rathúil ag Cuallacht Cholmcille i Má Nuad, rud a tháinig mar thoradh ar an sárobair agus iarracht a chuir an fhoireann isteach le bliain anuas. Bronnadh an Gradam don Obair Phobail ar an Chuallacht as na hiarrachtaí a rinne siad nascanna a chruthú leis an phobal mórthimpeall an choláiste, imeachtaí a chur ar fáil oscailte do mhic léinn agus muintir Mhá Nuad go leathan, agus caidreamh maith a thógáil leis na daoine seo. Bhí seo le feiceáil ina gcuid imeachtaí, go háirithe leis na Pop Up Gaeltachtaí a reáchtalaíodh go rialta. Molaim go mór Lucy agus na coisteoirí ar fad as a gcuid oibre, agus tá mé ag súil leis na rudaí maithe ar fad a fheiceáil atá le a theacht an bhliain seo chugainn."