Quiz Sheachtain na Gaeilge 2020

Wednesday, March 11, 2020 - 11:00

Mar chuid den cheiliúradh do Sheachtain na Gaeilge 2020 thug Gaeilgeoirí Mhá Nuad faoi bhaile Mhaigh Nuad do thráth na gceist boird Gaeilge speisialta sa tigh tábhairne Brady’s Clockhouse. Bhí an-oíche de spraoi agus de stuamacht ag an slua a ghlac páirt ann agus faoi dheireadh thiar thall bhí an bua ag Craig Mac Gabhann, Ruairí  Weiner agus Saoirse Delaney agus bhronn fear an tí agus Leasuachtarán Chuallacht Cholmcille Conchúr Ó Luadhóg agus a chúntóir Brian Mac Maghnuis ó Oifig na Gaeilge a gcuid duaiseanna áille seacláide orthu triúr.