Rath ar Sheachtain na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad

An tOllamh Aidan Mulkeen, Cláraitheoir, Sinéad Ní Dhomhnaill, Seachtain na Gaeilge, Orla Bradshaw, Oifigeach na Gaeilge, An tOllamh Seán Ó Riain, Cathaoirleach Choiste na Gaeilge agus Aedraen Ó Dubhghaill, Oifigeach na Gaeilge Aontas na Mac Léinn
Wednesday, April 1, 2015 - 00:00

  
D’éirigh go han-mhaith leis na himeachtaí a d’eagraigh Oifig na Gaeilge agus mic léinn na hOllscoile mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.
 

Damhsóirí Gaelacha
Chuir ócáid speisialta sa leabharlann tús spreagúil leis an gceiliúradh. Chuir mac léinn na hOllscoile, David Caulfield, agus daltaí ó Scoil Uí Riada, Cill Choca, siamsaíocht den scoth ar fáil; ceol traidisiúnta, damhsa Gaelach agus amhránaíocht.

Bhí an tOllamh Seán Ó Riain, Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, an Moinsíneoir Breandán Ó Doibhlin, Coláiste Phádraig agus Sinéad Ní Dhomhnaill, Bainisteoir Gníomhach ar Sheachtain na Gaeilge i measc na gcainteoirí. Dúirt an tOllamh Ó Riain: "An sprioc atá againn go léir ná an Ghaeilge a bheith fite fuaite trí shaol na hOllscoile. Táimid ag obair anois ar fhorbairt na Scéime Cónaithe, Seomra na Gaeilge, cúrsaí cumarsáide agus neart feachtais eile."
 

Seachtain ghnóthach a bhí ann do Chuallacht na Gaeilge. D’eagraigh siad seisiún ceoil, ‘Tricnic’ leis na mic léinn ó Scéim Chónaithe, Oíche Ghaelach agus tuilleadh. D’fhreastail slua mór ar bhainis bhréige a d’eagraigh siad freisin.​

Ghlac baill foirne agus mic léinn páirt i léamh filíochta mar cheiliúradh ar shaothar Sheáin Mhic Fheorais, file mór Chill Dara. Reáchtáladh Aifreann Gaeilge in Aireagal Naomh Sheosaimh ar an gCéadaoin. Tugadh spreagadh do bhaill foirne a gcuid Gaeilge a úsáid agus iad i mbun béile ag ‘Bord na Gaeilge’ i Halla Pugin.
 
Tháinig deireadh le himeachtaí na seachtaine ar an Déardaoin. Chuir mic léinn ó Roinn Ceoil ceolchoirm den scoth ar fáil. Thug Raidió na Life cuairt ar an Ollscoil ar an Déardaoin agus rinne sí taifead ar chlár.

Gabhann Oifig na Gaeilge buíochas le gach duine a bhí páirteach in imeachtaí na seachtaine.