Seimineár tugtha ag an Dr Lára Ní Mhaoláin

An Dr Lára Ní Mhaoláin
Friday, November 24, 2017 - 15:45

Ar an 24 Samhain, thug an Dr Lára Ní Mhaoláin ó Roinn na Nua-Ghaeilge seimineár ar an eagrán criticiúil nua den scéal Rúraíochta dar teideal Táin Bó Fhliodhaise atá á réiteach aici faoi láthair. Pléadh comhthéacs liteartha agus traidisiún scríofa an téacs, maille le haois an scéil.