Seodra Gaeilge na Leabharlainne ar Taispeáint

Eoin Ó Murchú agus Eoghan Ó Raghallaigh ó Roinn na Nua-Ghaeilge i mbun spaisteoireachta ag an seoladh agus seimineár don taispeántas “Seodra Gaeilge Leabharlann Ollscoil Mhá Nuad” i Leabharlann an Ruiséalaigh.
Monday, March 11, 2019 - 12:15

Bhí an deis tugtha do Ghaeilgeoirí Ollscoil Mhá Nuad súil níos géire a chaitheamh ar an ábhar Gaeilge cuimsitheach sna bailiúcháin speisialta i Leabharlann an Ruiséalaigh agus Leabharlann Eoin Pól II nuair a seoladh taispeántas le linn Sheachtain na Gaeilge 2019 darb ainm “Seodra Gaeilge Leabharlann Ollscoil Mhá Nuad”.

Is lonnaithe i Leabharlann an Ruiséalaigh atá an taispeántas go deireadh an tsamhraidh agus tá Barbara McCormack, leabharlannaí ar na bailiúcháin speisialta, den tuairim gurb iad cuid de bhuaicphointí an taispeántais ná leabhar urnaithe lámhphéinteáilte roimh thréimhse an Ghorta Mhóir, cóip ón ochtú haois déag de Fhoras Feasa, cóip ón naoú haois déag den Dán Breac agus dréacht lámhscríofa de dhráma leis an bPiarsach, The Master, a léiríodh den chéad uair i Mí na Bealtaine 1915. Is ag freastal ar dhaoine a bhfuil dúil acu i saolta agus saothair Pheadair Uí Laoghaire agus Eoghain Uí Ghramhnaigh a bhíonn an taispeántas chomh maith agus clúdaíonn sé tréimhse níos déanaí ná Athbheochan na Gaeilge le hábhar a bhaineann leis an scéalaí, scríbhneoir agus siamsóir eisceachtúil as Contae Chiarraí, Muiris “Kruger” Kavanagh, a rugadh aimsir a bhí Ó Laoghaire agus Ó Gramhnaigh ina sagairt cheana féin.

Tugadh léargas grinn ar ghnéithe éagsúla den taispeántas ag seimineár a chuir Oifig na Gaeilge in eagar le comhoibriú ó Roinn na Nua-Ghaeilge chun é a sheoladh mar is ceart. Ba iad na saineolaithe a thug cainteanna astu ná an tOllamh Fionntán de Brún, an Dochtúir Tracey Ní Mhaonaigh, an Dochtúir Tomás L Ó Murchú agus mac léinn dochtúireachta leis an roinn, Fintan Keegan.