​An-Spéis i Quiz Amlíne na gCuimhneachán Arís i mBliana

Monday, July 22, 2019 - 13:00

Bhí an-áthas ar Choiste Dheich mBliana na gCuimhneachán Ollscoil Mhá Nuad fáilte ar ais a chur roimh chailíní rang a cúig agus rang a sé ó Scoil Chailíní na Toirbhirte Mhaigh Nuad agus fáilte a chur roimh bhuachaillí rang a sé Scoil Bhuachaillí Naomh Muire Mhaigh Nuad den chéad uair chun páirt a ghlacadh inár quiz amlíne. Is deis an-luachmhar é an quiz seo do pháistí scoile atá ag foghlaim leo faoi na heachtraí fíor-thábhachtacha a tharla go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta idir na blianta 1912 agus 1922 mar téann siad i dteagmháil le stair taobh amuigh den seomra ranga sa chaoi seo.

Tá an quiz bunaithe ar an amlíne a cuireadh in airde ar phríomhaghaidh Leabharlann Eoin Pól II agus tá éagsúlacht ann ó thaobh na gceisteanna de le feallmharú an Ard-Diúic Franz Ferdinand, toghchán na Contaoise Constance Markievicz, bá an Lusitania agus foilseachán Ulysses i measc na n-ábhar a chlúdaítear. Bhí na daltaí spreagtha ag a múinteoirí chun dul i mbun scéalaíochta leis an tréimhse staire áirithe seo mar ábhar inspioráide acu agus bhí píosaí cumadóireachta iontacha de na teidil ‘The Escape,’ ‘The Child Spy,’ ‘Maggie’ agus ‘Why?’ curtha faoi bhráid an choiste. Bhí ríméad ar an gcoiste iad a léamh agus bhí an coiste an-shásta chomh maith go bhfuaireadar lámh cúnaimh den scoth ó Elaine Bean agus a baill foirne Finn agus Rachel ón Leabharlann agus an quiz ar bun acu.