Tús Maith Curtha le hAtlas Litríocht na Gaeilge i Má Nuad

An Dr Fintan Keegan a bhí ina chúntóir taighde ar Scríobhaithe Gaeilge an Tuaiscirt
Thursday, June 11, 2020 - 19:00

Cuireadh tús le tionscadal taighde, Scríobhaithe Gaeilge an Tuaiscirt, i Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad i mbliana, a mhair ar feadh tréimhse sé mhí, ó mhí na Samhna 2019 go dtí mí Bealtaine 2020. Bhí an taighde bunaithe ar thráchtas dochtúireachta 4 imleabhar an Dr Fintan Keegan, ar bronnadh a dhochtúireacht air i mí an Mhárta na bliana seo. Cuireann a thráchtas breis is 220 cuntas beathaisnéise ar scríobhaithe an Tuaiscirt, chomh maith le liosta cuimsitheach dá saothar idir 1650 agus 1900, ar fáil. Ba é ba chuspóir don tionscnamh ná cur leis an dioscúrsa scolártha a bhaineann le saothrú lámhscríbhinní agus gréasáin scríobhaithe i dTuaisceart na hÉireann idir 1650 agus 1900.

Bhí triúr cúntóirí taighde ag plé leis – an Dr Fintan Keegan, Helen Kelly agus Miriam Fitzsimons – agus iad faoi stiúir an Oll. Fionntán de Brún. Baineadh an-úsáid as tráchtas Fintan chun beathaisnéisí gearra a chur le chéile ar na scríobhaithe uilig agus ina dhiaidh sin, chun mionstaidéar a dhéanamh ar ochtar scríobhaithe mar chás-staidéir. Rinneadh an t-eolas a scagadh faoi theidil éagsúla: an t-athrú teanga, an litearthacht, an phátrúnacht uirbeach agus caomhnú agus seachadadh idirghlúine an traidisiúin. Ba é seo an chéad chéim i dtionscadal taighde níos leithne dar teideal Atlas Litríocht na Gaeilge, agus cruthófar suíomh gréasáin amach anseo ar a léireofar an t-eolas seo. Táthar ag súil leis go mbeidh an tionscadal seo luachmhar do scoláirí Gaeilge agus staraithe áitiúla, agus go n-ardóidh an taighde feasacht agus tuiscint i measc an ghnáthphobail ar an ngné seo de stair léann na tíre, ar a ndéantar neamhaird go minic.

Mar aon leis seo, d’eagraigh foireann an tionscadail an chomhdháil bhliantúil, Léachtaí Cholm Cille 51, a bunaíodh ar an téama céanna agus a bhí le bheith ar siúl ar an 3 agus an 4 Aibreán. Faraor, níor éirigh leis na Léachtaí dul ar aghaidh agus cuireadh ar athló iad mar gheall ar phaindéim an choróinvíris. Táthar ag súil leis an chomhdháil a reáchtáil san Fhómhar. Bhí an tionscadal seo maoinithe ag an Institiúid Ealaíon agus Daonnachtaí, Scoil an Léinn Cheiltigh agus Roinn na Nua-Ghaeilge, Má Nuad.

(Scríobh Helen Kelly an t-alt seo thar ceann Oifig na Gaeilge)