Tús An-Mhaith Curtha leis an Tolg Liteartha

Máire Zepf a ghlac páirt sa chéad Tolg Liteartha
Thursday, February 4, 2021 - 19:15

Cuireadh tús an-mhaith le sraith nua imeachtaí ar litríocht chomhaimseartha na Gaeilge díreach roimh Nollaig 2020 nuair a seoladh “An Tolg Liteartha” go fíorúil. Is á cur in eagar ag Leabharlanna Chill Dara agus Ollscoil Mhá Nuad i gcomhpháirt lena chéile atá an tsraith seo a chuirfidh fáilte roimh scríbhneoirí Gaeilge a bhfuil aitheantas bainte amach acu labhairt faoina gcuid saothair.
 
An pointe fócais a bhí leis an gcéad imeacht sa tsraith ná na triúr scríbhneoirí a bhuaigh na duaiseanna liteartha ag Oireachtas na Samhna 2020. Is iad sin Ré Ó Laighléis a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin dá úrscéal Máchail, Máire Zepf a bhuaigh Gradam Réics Carló dá hathinsint mhiotaseolaíochta do pháistí An Feilecán agus an Rí agus Colmcille Ó Monacháin a bhuaigh Gradam de Bhaldraithe dá aistriúchán ar chlasaic le John Steinbeck, Ar Luch agus ar Dhuine. Bhí an triúr acu faoi agallamh ar an oíche ag an Dr. Liam Mac Amhlaigh, léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, agus is féidir breathnú siar ar an imeacht ina iomlán tríd an nasc seo, buíochas le Leabharlanna Chill Dara as an áis seo a chur ar fáil: https://vimeo.com/497919161.