Triail Teanga ar Líne Seolta ag TEG

Siún Ní Mhaonaigh, stiúrthóir TEG, le roinnt iarratasóirí TEG thall i Washington DC an samhradh seo caite
Thursday, June 18, 2020 - 12:45

Tá triail Ghaeilge ar líne seolta ag Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) in Ollscoil Mhá Nuad a chuirfidh ar chumas foghlaimeoirí a gcaighdeán sa Ghaeilge a mheas is cuma cén áit sa domhan a bhfuil siad. Tá 60 ceist sa triail ar líne agus ní ceisteanna gramadaí amháin atá inti – déantar tástáil ar stór focal agus ar scileanna cluastuisceana agus léamhthuisceana na n-iarrthóirí chomh maith. Táthar ag súil go dtabharfaidh an triail ar líne treoir d’fhoghlaimeoirí Gaeilge maidir leis an leibhéal scrúdaithe is oiriúnaí dóibh féin agus go spreagfaidh sí daoine le tabhairt faoi fhoghlaim na Gaeilge.

“Uaireanta, bíonn daoine drogallach tabhairt faoi scrúdú sa Ghaeilge,” a dúirt Siuán Ní Mhaonaigh, Stiúrthóir TEG. “Leis an triail seo, b’fhéidir go bhfeicfeadh daoine go bhfuil níos mó Gaeilge acu ná mar a shíleann siad.” Cuireann TEG measúnuithe agus acmhainní ar fáil d’fhoghlaimeoirí Gaeilge ag cúig leibhéal éagsúla – ó Bhonnleibhéal 1 (A1) go hArdleibhéal 1 (C1) – agus tugtar torthaí d’úsáideoirí na trialach bunaithe ar na leibhéil sin.

Is féidir tabhairt faoin triail ar líne saor in aisce ar www.teg.ie .