Ulysses as Gaeilge ag IMRAM

Emma Ní Chearúil, iarmhac léinn Gaeilge agus Cumarsáide, Má Nuad agus Eoin P Ó Murchú, mac léinn dochtúireachta in Ollscoil Mhá Nuad ag an ócáid IMRAM
Thursday, October 31, 2019 - 17:30

Bhí an-tóir ar léiriú de shleachta as aistriúchán Gaeilge Ulysses a d’eagraigh mac léinn ó Roinn na Nua-Ghaeilge i Mí Dheireadh Fómhair. Tá Eoin P Ó Murchú i mbun aistriúchán Shéamais Uí Innéirghe agus a mheithle a chaighdeánú agus a chur in eagar agus é ag dul do dhochtúireacht faoi stiúir an Ollaimh Fionntán de Brún. Ghlac na haisteoirí Hilary Bowen-Walsh, Eoin Ó Dubhghaill agus Sean T. Ó Meallaigh róil éagsúla sa léiriú, a bhí mar chuid den Fhéile Litríochta Gaeilge IMRAM, ina raibh blaiseadh de na radhairc is cáiliúla ón leabhar.

Chas Noel O’Grady amhráin ó ré Ulysses mar chuid den léiriú agus taispeánadh sraith íomhánna de Bhaile Átha Cliath ag tús an chéid seo caite, a chuir an físealaíontóir, Margaret Lonergan, i dtoll a chéile.

Eagraíodh an léiriú sa mhúsaem nua MoLI (Músaem Litríochta na hÉireann) ar Fhaiche Stiabhna. Músaem dátheangach breá nua é a chuireann scríbhneoireacht agus scríbhneoirí na hÉireann i láthair go snasta. “Díoladh ticéid uile an léirithe agus bhí an lucht féachana an-dearfach faoi” arsa Eoin. Dóibh sin a chaill an deis a fheiceáil táthar ag súil len é a chur ar ardán arís an bhliain seo chugainn.