An Fhéile Bheag, Ollscoil Mhá Nuad, 07 Bealtaine 2022

Thursday, April 28, 2022 - 15:00

Tá ardáthas ar Roinn na Nua-Ghaeilge a fhógairt go mbeidh féile bheag sna healaíona Gaeilge agus Gaeltachta ar siúl againn Dé Sathairn an 07 Bealtaine 2022 i gcomhar le hOifig na Gaeilge mar chuid d’fhéile ealaíon na hOllscoile, Arts and Minds. An Fhéile Bheag an teideal atá chlár na n-imeachtaí Gaeilge, agus is iad mic léinn iontacha an MA sa Nua-Ghaeilge a dhein an fhéile a dhearadh agus a eagrú mar chuid dá gcúrsa léinn. 
 
Beidh imeachtaí spleodracha suimiúla ar siúl mar chuid de chlár na féile, agus beidh fáilte roimh chách. Tá clár iomlán na féile anseo thíos agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ag feilebheag@mu.ie agus is trí Eventbrite a chlárófar do na himeachtaí éagsúla. 

We are delighted to announce that an Irish-language arts festival, the Féile Bheag, will be taking place in Maynooth University on Saturday 07 May 2022 as part of Maynooth University's Arts and Minds Festival. The Féile Bheag is designed and led by our brilliant MA Nua-Ghaeilge students as part of the new MA stream in Irish-language and Performing Arts. 

As you will see below, the events are imaginative and exciting and we look forward to seeing you there. All welcome! Free admission, but pre-registration through Evenbrite required.

An Fhéile Bheag, Ollscoil Mhá Nuad, 07 Bealtaine 2022 

The Féile Bheag – an Irish-language programme of Arts Events 

Maynooth University 07 May 2022 

 
Saorchead isteach, ach ní mór clárú roimré ar Eventbrite 

Free Admission, but Pre-registration Required on Eventbrite 

Arts and Minds Festival Tickets, Maynooth | Eventbrite 

Fáilte roim chách/All welcome! 

Tuilleadh Eolais/Information: feilebheag@mu.ie  

Dé Sathairn/Saturday (07/05/2022): 9.30 Oscailt Oifigiúil agus Clárú/Official Opening and Registration Halla Callan/Callan Hall 

Dé Sathairn/Saturday (07/05/22): 10-11.30 Ceardlanna Amhránaíochta, Damhsa, agus Ceardaíochta trí mheán na Gaeilge/Song, Dance, and Craft Workshops 

Stiúrthóir/Director: Méabh de Barra. 

Ceardlann amhránaíochta (ar líne)/Online Sean-nós Singing Workshop through Irish: Muireann Nic Amhlaoibh  

Ceardlann Cheardaíochta (Halla Callan)/Craft Workshop through Irish (Callan Hall)  

Ceardlann Damhsa ar an sean-nós (Loftus)/Sean-nós Dance Workshop through Irish (Loftus): Nada Ní Chuirrín  

11.45-12.45  Seisiún Siúlach Amhránaíochta i nGairdíní Ollscoil Mhá Nuad le hÉtáin Ní Churraoin/ A sean-nós singing walking tour as Gaeilge of Maynooth University Gardens with Étáin Ní Churraoin 

1-2pm An Phicnic Bheag [‘The Little Picnic’] 

Comhstiúrthóirí/Co-directors: Méabh de Barra agus Máire Ní Chuirrín 

I gcomhar le Cill Dara le Gaeilge agus Féile na Gealaí/In conjunction with Cill Dara le Gaeilge and Féile na Gealaí 

Aoichainteoirí/Guest speakers: Sarah Walsh (Oifigeach Feidhmiúcháin, Cill Dara le Gaeilge), Edel Ní Churraoin (Féile na Gealaí) 

Beidh an ócáid seo lonnaithe i ngáirdíní áille an tseana-champais in Ollscoil Mhá Nuad agus tabharfaidh deis do dhaoine taitneamh a bhaint as comhluadar a chéile trí mheán na Gaeilge. Béarfaidh an pobal a gcuid bia féin leo don ócáid do phinic bheag le tionlacan ceoil agus cainte. Tabharfar cuireadh do na healaíontóirí a thug na ceardlanna ar maidin taispeántas a thabhairt ar stáitse ag an bpicnic bheag chomh maith. Beidh córas PA lasmuigh againn, agus tabharfar cuireadh do dhaoine amhrán a rá nó port a sheinm de réir mar is maith leo. Tabhair leat do ruga féin don phicnic chomh maith! 

This Irish-language picnic will take place in the beautiful gardens of Maynooth University’s South Campus, where people can enjoy the beautiful surroundings as Gaeilge, while enjoying traditional music and sean-nós dance performances. Attendees will bring their own food and a rug for the grass, and will also have the opportunity to perform if they wish also! 

3pm-4.30pm Péinteáil agus Port/ [‘Painting and a Tune’]– Halla Callan/Callan Hall 

Stiúrthóir/Director: Máire Ní Chuirrín 

Ócáid ana-speisialta a bheidh anseo ina gcuirfear ábhair phéinteála agus scuaba péinte ar fáil do dhaoine fásta ionas gur féidir leo todhchaí nua a shamhlú don Ghaeilge. Roinnfear íomhánna ar leith a bhaineann le saol na Gaeilge agus na Gaeltachta ar rannpháirtithe mar inspioráid chun gur féidir leo todhchaí na Gaeilge a shamhlú go teibí leis an scuab phéinte agus iad ag éisteacht le taispeántais cheoil den scoth. Beidh béim ar éagsúlacht agus indibhidiúlacht na cruthaitheachta sa tseisiún, agus beidh saoirse chruthaitheach ag cách. Iarrfar ar rannpháirtithe grianghraf a ghlacadh dá bpictiúr féin lena bhfón póca le seoladh go dtí stiúrthóirí na comhdhála as a gcruthófar collage digiteach ealaíne a roinnfear leis an bpobal. 

At this very special Irish-language event, attendees will be supplied with paints, brushes and canvases so that they can imagine a new future for Irish-language culture. While attendees listen to beautiful and compelling performances on Harp and Uilleann Pipes, images synonymous with Irish-language and Gaeltacht life will be shared as inspiration for abstract imaginative engagement with contemporary Irish-language culture, fostering creative freedom through a diversity of perspectives. Participants will also be invited to take a photo to send to festival organisers, who will then construct a digital collage to be shared with the community. 

Bean an tí/Facilitator: Máire Ní Chuirrín 

Píob/Uilleann Pipes: Éanna Ó Cróinín  

Cruit/Harp: Caoimhe Nic Giobúin