Glacann mic léinn agus baill foirne páirt i Rith 2016

Friday, March 4, 2016 - 10:30

Tháinig RITH 2016 trí Ollscoil Mhá Nuad ar an 4 Márta 2016. Ghlac mic léinn agus baill foirne páirt sa rás ar an lá. Tacaíonn Ollscoil Mhá Nuad go mór leis an Rith agus leis an nGaeilge a spreagadh i measc an phobail agus go náisiúnta.
Ghlac 10,000 duine páirt sa chéad Rith in Éirinn i 2010.

Tharla an dara Rith i 2012 le 27,000 duine ag rith 700 ciliméadar, trasna na gceithre chúige. Ghlac breis agus 30,000 duine páirt i Rith 2014 agus breis agus 50,000 duine i Rith 2016 i mbliana. D’iompair na reathaithe bata ina raibh teachtaireacht dóchais ó Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, i bhfolach ann.

Rith 2016