Oíche na Scéalta Ceolmhara ar Champas Mhá Nuad

Eithne Ní Chatháin nó INNI-K i mbun amhránaíochta ag Oíche na Scéalta Ceolmhara.
Monday, October 7, 2019 - 11:45

Sa chomhpháirtíocht leanúnach atá ag Ollscoil Mhá Nuad le Féile Léitheoirí Chill Dara (www.kildarereadersfestival.ie), eagraíodh oíche dhraíochtúil i mbliana, oíche Shathairn 5 Deireadh Fómhair le haitheantas a thabhairt do Elizabeth (Bess) Cronin, duine de na daoine is tábhachtaí ó thaobh stair an cheoil thraidisiúnta in Éirinn.

Bhí mórthionchar ag a hamhráin agus a stíl amhránaíochta ar na glúnta d'amhránaithe Éireannacha agus Gaelacha. Bíodh agus gur chaith sí a saol go léir sa Ghaeltacht i mBaile Bhúirne ar theorainn Chorcaí agus Chiarraí, scaip a cáil go forleathan ó na 1940í ar aghaidh nuair a rinneadh taifeadadh ar a cuid amhrán ag Séamus Ennis, agus Alan Lomax, agus iad le cloisteáil ar an BBC.  Thug an craoltóir cáiliúil Donal Dineen tríd a saol agus a hoidhreacht muid i gcomhluadar a gariníonacha, na hamhránaithe clúiteacha Eilish & Seosaimhín Ní Thuama, anuas ar aoi speisialta, iarscoláire de chuid na hOllscoile, amhránaí sean-nóis ó Chill Dara, Eithne Ní Chatháin, a bhfuil cáil dhomhanda anois uirthi faoin ainm stáitse, INNI-K.

Oíche spleodrach, ealaíonta, dhátheangach a bronnadh orainn i bpáirt leis an Dr Liam Mac Amhlaigh, duine de léachtóirí na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, agus leis an Dr Brian Mac Maghnuis ó Oifig na Gaeilge ar champas.