Rath ar Sheachtain na Gaeilge Ollscoil Mhá Nuad 2018

Orla Bradshaw, Oifigeach na Gaeilge, Leon Diop, Uachtarán Aontas na Mac Léinn, Má Nuad, Dúlra Ní Áinle, Uachtarán Chuallacht Cholm Cille, agus Kevin Boushel, Oifigeach na Gaeilge, Aontas na Mac Léinn, ag an seoladh ar Sheachtain na Gaeilge sa Leabharlann.
Monday, March 5, 2018 - 14:30

Chuir Ollscoil Mhá Nuad tús le Seachtain na Gaeilge ar an Luan 5 Márta le hócáid speisialta i bhforhalla na leabharlainne. Sheol Orla Bradshaw, Oifigeach Gaeilge na hOllscoile, an clár oifigiúil, agus bronnadh geansaí Ollscoil Mhá Nuad ar Leon Diop, uachtarán Aontas na Mac Léinn, Má Nuad. Sheinn an cumann ceoil traidisiúnta ceol ag an ócáid agus chuir Caoimhe Ní Mhaolagáin damhsa ar an sean-nós ar fáil freisin.

Ar an Máirt, thug Peadar Ó Caomhánaigh, céimí na hOllscoile agus duine de bhunaitheoirí na gluaiseachta, Pop-Up Gaeltacht, caint do phobal na hOllscoile. Roinn sé a chuimhní óna thréimhse mar mhac léinn in Ollscoil Mhá Nuad agus labhair sé faoin bhfás agus faoin bhforbairt atá tagtha ar na Pop-Up Gaeltachtaí. Chuir Sailí Ní Dhroighneáin, Lárionad na Gaeilge, ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós ar fáil ar an gCéadaoin agus chuir Seosamh Ó Maolalaí seisiún scéalaíochta ar fáil ina dhiaidh sin. Ar an Déardaoin, bhí an deis ag baill foirne agus ag mic léinn a scíth a ligean ag an gceardlann aireachais le Fidelma Farley ó Breathworks Ireland.

Ba mhaith le hOifig na Gaeilge buíochas a ghabháil leis na daoine a chabhraigh agus a thacaigh le Seachtain na Gaeilge Ollscoil Mhá Nuad.