Scoth an cheoil ó ensemble traidisiúnta Ollscoil Mhá Nuad

Thursday, March 15, 2018 - 17:00

Bhí ceol traidisiúnta den scoth le cloisteáil i halla Riverstown ar an 15 Márta. Chuir an ensemble traidisiúnta ó Roinn Ceoil na hOllscoile agus a stiúrthóir, Aisling Ní Choisdealbha, an taispeántas speisialta seo ar fáil mar chuid de cheiliúradh na hOllscoile do Sheachtain na Gaeilge.