Aodh Ó Gallchóir

Lárionad na Gaeilge

Leas-Stiúrthóir TEG/ Deputy Director of TEG

About

Is é Aodh Leas-Stiúrthóir Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG). Tá taithí leitheadach aige ar chúrsaí Gaeilge a dhearadh agus a mhúineadh ag leibhéil éagsúla do réimse leathan daoine. Chaith sé cúig bliana ag obair le Gaelchultúr/Coláiste na hÉireann, áit a raibh baint aige le forbairt acmhainní agus cúrsaí éagsúla, ina measc an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán. Chaith sé dhá bhliain mar Léachtóir san Oideachas i gColáiste Hibernia. Tá suim faoi leith aige sa litríocht, san aistriúchán, sa mheasúnú teanga agus sa sealbhú teanga.