Taispeántas ar an Athair Peadar i Leabharlann Ollscoil Mhá Nuad

Miriam van der Molen ó Leabharlann OMN agus Brian Mac Maghnuis ó Oifig Gaeilge OMN ag seoladh an taispeántais le linn Sheachtain na Gaeilge i Mí an Mhárta
Tuesday, July 7, 2020 - 12:00

Mar chroílár an cheiliúrtha do Sheachtain na Gaeilge 2020 in Ollscoil Mhá Nuad, thug Gaeilgeoirí an champais aghaidh ar ár n-oidhreacht shaibhir óir bhí céad bliain caite ar 21 Márta 2020 ó cailleadh an ceannródaí liteartha agus feachtasóir teanga an tAthair Peadar Ó Laoghaire. I bhfad roimh don Athair Peadar clú agus cáil a bhaint amach dó féin le linn thréimhse Athbheochan na Gaeilge, chaith sé sé bliana i mbun staidéir i gcliarscoil Choláiste Phádraig, Má Nuad. Mar aitheantas ar an dlúthnasc idir eisean agus Má Nuad agus chun ómós a dhéanamh dó ar ócáid an chomórtha, chuir Cartlanna agus Bailiúcháin Speisialta Ollscoil Mhá Nuad agus Oifig Gaeilge Ollscoil Mhá Nuad taispeántas speisialta le chéile ar a nglaíodh "An tAthair Peadar Ó Laoghaire: Céad Bliain ar Aghaidh óna Shaol Féin". Tagairt atá anseo do Mo Scéal  Féin, dírbheathaisnéis a scríobh sé ina gcuireann sé síos go neamhbhalbh ar an seal dúshlánach a chaith sé mar ábhar-shagart i Má Nuad sna 1860í, i measc eile. Ba í seo an chéad dírbheathaisnéis Ghaeilge riamh agus ní hamháin seo ach scríobh sé an chéad dráma Gaeilge, Tadhg Saor, agus an chéad úrscéal Gaeilge, Séadna, rud a cheiliúraigh Gaeilgeoirí an champais i mbliana chomh maith le gearrscannán athchóirithe uaidh - https://www.youtube.com/watch?v=lTOdaS96clM.

Tá cartlann chuimsitheach ar fáil sna Cartlanna agus Bailiúcháin Speisialta i Leabharlann Ollscoil Mhá Nuad a bhaineann leis an Athair Peadar agus léiríonn sí a réimse leathan de gníomhaíochtaí léinn agus a dhíograis i leith athbheochan na Gaeilge. Tá trí chás i gceist leis an taispeántas seo agus gach ceann acu ag baint le gné áirithe den Athair Peadar mar Ghaeilgeoir léinn, óir bhí labhairt na teanga aige ón gcliabhán ar aghaidh ach deirtear nár fhoghlaim sé scríobh na teanga go dtí gur bhain sé Má Nuad amach. Aistritheoir ab ea é, mar a léirítear sa chéad chás le sleachta a d'aistrigh sé go Nua-Ghaeilge ón Sean-Tiomna, ó léann clasaiceach na Gréige, ón mórshaothar Spáinneach Don Quixote agus ón scéal Sean-Ghaeilge An Ceithearnach Caolriabhach. Teangeolaí agus gramadóir ab ea é, mar a léirítear sa dara cás le ceachtanna a d'ullmhaigh sé mar mhúinteoir na Nua-Ghaeilge ar conas na huimhreacha a chur in iúl, ar nathanna cainte coitianta i gCorcaigh agus ar an mbrí a bhaineann leo i mBéarla agus mar sin de. Scríbhneoir ab ea é chomh maith, mar atá thuasluaite agus mar a léirítear sa tríú cás le ceann de na céad eagrán de Séadna, le hagallaimh bheirte a scríobh sé mar Thadhg agus Donnachadh don nuachtán náisiúnach An Claidheamh Soluis agus le haistí faoina chreideamh Críostaí. 

Seoladh an taispeántas go hoifigiúil i Mí an Mhárta le linn Sheachtain na Gaeilge 2020 ag laoch eile i litríocht na Gaeilge, an Monsignor Breandán Ó Doibhlin, ach cuireadh críoch gan choinne leis an taispeántas i bhForhalla Leabharlann Eoin Pól a Dó ar champas theas Ollscoil Mhá Nuad tar éis dó bheith in airde le seachtain go leith mar gheall ar ghéarchéim an víris chorónaigh. Nuair a athosclófar an leabharlann do chuairteoirí níos déanaí an samhradh seo, beidh an taispeántas "An tAthair Peadar Ó Laoghaire: Céad Bliain ar Aghaidh óna Shaol Féin" fós in airde ar bhonn teoranta, buíochas mór le muintir na leabharlainne as seo.