Fáiltíonn OMN roimh Scríbhneoir Cónaithe nua Ré Ó Laighléis

Ré Ó Laighléis
Tuesday, December 10, 2024 - 11:00

English version below

Fáiltíonn Ollscoil Mhá Nuad roimh an Scríbhneoir Cónaithe, Ré Ó Laighléis faoi scéim nua atá cómhaoinithe ag Comhairle Contae Chill Dara agus Ollscoil Mhá Nuad.

Is é Ré an scríbhneoir comhaimseartha is mó díol sa Ghaeilge agus tá saothar leis i gcló sa Bhéarla agus san Iodáilis chomh maith.

Forbraíodh an scéim nua seo chun deis a thabhairt do mhic léinn agus don phobal i gcoitinne teagmháil a dhéanamh le scríbhneoirí Gaeilge a bhfuil ardmheas orthu, agus páirt a ghlacadh i sraith ceardlann sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach. Mar chuid den ról, déanfaidh Ré meantóireacht ar scríbhneoirí a bhfuil saothair idir lámha acu agus ar scríbhneoirí nua agus glacfaidh sé páirt in imeachtaí éagsúla ar champas agus i bpáirt le Leabharlanna Chill Dara.

Is as Sail an Chnocáin (An Naigín) i gContae Átha Cliath é Ré Ó Laighléis ó dhúchas ach tá cónaí air sa Bhoireann i gContae an Chláir le breis agus tríocha bliain anuas. Ba as Claonadh i gContae Chill Dara dá mháthair. Chaith Ré na blianta ag múineadh ag leibhéal na bunscolaíochta, leibhéal na meánscolaíochta agus ar an tríú leibhéal. Tá sé ina scríbhneoir gairmiúil lánaimseartha ó 1992 ar aghaidh.

Ag trácht ar a ról nua in Ollscoil Mhá Nuad, dúirt Ré: “Is onóir agus pribhléid dom é mé a bheith ceaptha i mo Scríbhneoir Cónaithe in Ollscoil Mhá Nuad. Is mór é mo mheas ar Roinn na Nua-Ghaeilge in OMN leis na blianta anuas agus ba mhór mar a chuaigh an fháilte a chuir foireann na Roinne romham i gcion orm.

“Tá súil agam cur go fiúntach tairbheach leis an obair éachtach i gcothú na litríochta Gaeilge agus na scríbhneoireachta cruthaithí atá idir lámha ag Roinn na Gaeilge le fada an lá.”

Dúirt Fionntán de Brún, an tOllamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad: “Údar misnigh againn é scríbhneoir cónaithe lánaimseartha a bheith anois ag plé le mic léinn Roinn na Nua-Ghaeilge agus tá lúcháir orainn gur scoth scríbhneora, Ré Ó Laighléis, a bheas ag saibhriú thaithí na mac léinn ar an scríbhneoireacht. Táimid faoi chomaoin mhór ag Comhairle Chill Dara as a dtacaíocht fhial.”

Scríobhann an Laighléiseach i nGaeilge agus i mBéarla agus tá idir ghearrscéalta, úrscéalta agus drámaí scríofa aige. Tá mórchuid duaiseanna agus gradam bronnta air as a chuid saothar, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, Gradam Uí Shuilleabháin de chuid Ghradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais dá úrscéal Máchail in 2020 san áireamh.

Ar na saothair leis tá leithéidí Trumptaí Dumptaí agus An Falla Mór, Máchail, Punk agus scéalta eile, Ecstasy agus scéalta eile, Gafa agus iliomad eile. I measc na saothar rathúil Béarla leis tá Terror on the Burren, Hooked, The Great Book of the Shapers, Heart of Burren Stone.

Ag labhairt faoin gceapachán, dúirt an Dr Tracey Ní Mhaonaigh, Ceann Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad: “Bhí mé i mbliain na céime nuair a bhí an Scríbhneoir deireanach Cónaithe, Liam Mac Cóil, againn anseo i Roinn na Nua-Ghaeilge sa bhliain 1997. Tá tuiscint ar leith agam, dá bharr, ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag scéim den chineál seo ar thaithí na mac léinn agus ar an meas atá acu ar an scríbhneoireacht chruthaitheach agus an spéis atá acu inti. Tuigimid ar fad an leochaileacht a bhaineann leis an nGaeilge agus is den riachtanas é go gcothóimis cleachtadh na scríbhneoireachta (agus na léitheoireachta) i measc ár gcuid mac léinn; go dtabharfaí na huirlisí dóibh chun go bhféadfaidís féin scríbhneoireacht na Gaeilge a chleachtadh, a chothú agus a chur chun cinn ar a seal.”

Is iarscríbhneoir cónaithe le Comhairle Contae Mhaigh Eo agus le hOllscoil na Gaillimhe é an Laighléiseach, a bhain a fhochéim sa tSocheolaíocht agus sa Ghaeilge amach ó Ollscoil na Gaillimhe agus a bhain iarchéimeanna san Oideachas amach ó Choláiste Phádraig (DCU) agus ó Choláiste Bhostúin, Massachusetts. Tá an iliomad scríbhneoirí eile á gcothú aige, in Éirinn agus thar sáile, tríd an áis Scríbhneoireachta Cruthaithí a d’eascair ón dtigh foilsitheoireachta MÓINÍN darb ainm An Scríobhlann, agus trí scéimeanna cónaitheacha den chineál seo in institiúidí éagsúla oideachais agus cultúrtha.

Is féidir éisteacht leis an Laighléiseach ag léamh óna shaothar Déardaoin 19 Nollaig, nuair a chuirfear an seó An Nollaig sa Naigín i láthair daltaí scoile (matinée) agus an phobail i gcoitinne (seó oíche) den chéad uair in Amharclann Chois na hAbhann sa Droichead Nua.


Maynooth University welcomes new Scríbhneoir Cónaithe Ré Ó Laighléis

Maynooth University welcomes Scríbhneoir Cónaithe (Irish language Writer-in-Residence), Ré Ó Laighléis under a new scheme co-funded by Kildare County Council and Maynooth University.

This new Scríbhneoir Cónaithe scheme was developed to give students and the general public the opportunity to engage with esteemed Irish language writers, incorporating a series of workshops in Creative Writing. Ré will mentor writers, new and old, and take part in various events on campus and with Kildare Libraries.

Originally from Sallynoggin in Co Dublin, Ré Ó Laighléis has been living in the Burren in County Clare for more than thirty years. His mother was from Clane in County Kildare. Ré spent many years teaching in primary schools, secondary schools and at third level. He has been a full-time professional writer since 1992.

Commenting on his new role in Maynooth University, Ré Ó Laighléis said: “It is an honour and privilege for me to have been appointed to the post of Scríbhneoir Cónaithe in Maynooth University. I have been a long-time admirer of the excellence of work done in Roinn na Nua-Ghaeilge in the University and I have been greatly touched by the warmth of welcome given to me by the members of the department.

“I hope, in the course of my tenure, to add meaningfully to the great effort of Roinn na Nua-Ghaeilge in nurturing an appreciation of Irish literature and creative writing.”

Fionntán de Brún, Professor of Modern Irish at Maynooth University, commented: “Having a full-time writer in residence for students of Nua-Ghaeilge is a huge boost to us all. Having someone of Ré Ó Laighléis’ calibre will really enhance our students’ experience of writing. We are particularly grateful to Kildare County Council for generously supporting this initiative.”

Ó Laighléis explores many different forms of writing in Irish and English, specialising in the short story, the novel and the play, and his works have won many prizes and awards, nationally and internationally, including the prestigious Gradam Uí Shuilleabháin at the Oireachtas Publishing Awards in 2020 for his state-of-the-nation novel Máchail.

His published works in Irish include Trumptaí Dumptaí agus An Falla Mór, Máchail, Punk agus scéalta eile, Ecstasy agus scéalta eile, Gafa and many others. His successful works in the English language include Terror on the Burren, Hooked, The Great Book of the Shapers, Heart of Burren Stone amongst others. He has been awarded numerous Oireachtas literary awards in the various genres.

Dr Tracey Ní Mhaonaigh, Head of the Department of Modern Irish at Maynooth University, further commented: “I was in my final year when the last Writer in Residence, Liam Mac Cóil, was appointed in Nua-Ghaeilge in 1997. I have a keen understanding, therefore, of the impact that such a scheme can have on the student experience and on their interest in, and respect for, creative writing. We are all aware of the vulnerable status of the Irish language and there is a responsibility on us, therefore, to nurture writing (and reading) among our students; to ensure that they are given the necessary tools to practice, to own and to promote creative writing in Irish in their turn.”

A former Writer in Residence with Mayo County Council and Ollscoil na Gaillimhe/Galway University, Ó Laighléis took his undergraduate degree in Sociology and Irish from the University of Galway (NUIG) and postgraduate degrees in Education from Coláiste Phádraig (DCU) and Boston College, Massachusetts. He continues to train prospective writers, both in Ireland and abroad, through MÓINÍN’s Creative Writing facility, An Scríobhlann, and under the auspices of various educational and cultural bodies.

There will be an opportunity to hear Ré reading from his work on Thursday, 19 December when the show An Nollaig sa Naigín will be presented for primary school students (matinée) and for a general audience (evening performance) for the very first time in the Riverbank Arts Centre in Newbridge.