MU and Kildare County Council to host 'Brigid’s Worlds' conference

Thursday, August 8, 2024 - 09:30

Irish version below

Maynooth University and Kildare County Council are coming together to host the Brigid’s Worlds conference on September 13-14. The conference takes place in MU and will bring together leading academic experts on St Brigid for the first time in nearly two decades, offering a unique opportunity to investigate the historical origins of St Brigid and her Church of Kildare.
 
This event marks the 1500th anniversary of St Brigid’s passing by bringing together scholars and enthusiasts to delve into the rich heritage of one of Ireland's most popular patron saints.

Maynooth University President, Professor Eeva Leinonen, said: “We are proud to host this conference in September, welcoming guests from near and far to explore St Brigid’s remarkable legacy. This important event illustrates how our strategic research focus on Heritage, Culture, and Language benefits both our university and the wider community and highlights our strong reputation in the arts and humanities. We look forward to the valuable exchange of ideas it will bring.”
 
Brigid’s Worlds will explore the life and times of St Brigid and her Church of Kildare from the 5th to the 9th centuries, and features a lineup of distinguished speakers from across the globe curated by Maynooth University’s Dr Niamh Wycherley of the Department of Early Irish.

Speakers include academics and experts such as Prof Catherine McKenna from Harvard University, Prof David Stifter from Maynooth University, Prof Thomas Owen Clancy from the University of Glasgow and many more. Each speaker brings distinct insights and expertise to explore the profound legacy of St Brigid and her Church of Kildare.

Sonya Kavanagh, Chief Executive, Kildare County Council, commented: "We are delighted to collaborate with Maynooth University on this significant event, which not only celebrates the life of St Brigid but also highlights the importance of preserving our cultural heritage through academic discussion and community engagement."

MU Professor David Stifter also stated: “This conference brings together several major strands of research carried out at Maynooth’s Department of Early Irish on topics that exert a fascination wide outside of academia: the religious and intellectual history of early medieval Ireland and the earliest written tradition in Irish in the form of the ogham script.”

Brigid 1500 is a comprehensive programme organised by Kildare County Council to celebrate and commemorate the life and legacy of St Brigid.

Brigid’s Worlds takes place in Maynooth University on Friday and Saturday, September 13-14. For more information and registration details for the conference, please visit www.brigid1500.ie.


Ollscoil Mhá Nuad agus Comhairle Contae Chill Dara ag teacht le chéile chun an Chomhdháil ‘Saolta Bhríde’ a óstáil

Tiocfaidh Ollscoil Mhá Nuad agus Comhairle Contae Chill Dara le chéile i mí Mheán Fómhair chun an chomhdháil Saolta Bhríde a óstáil. Beidh an chomhdháil ar siúl ar an 13 agus 14 Meán Fómhair, agus tabharfar na príomhshaineolaithe acadúla ar Naomh Bríd le chéile den chéad uair le beagnach scór bliain. Deis uathúil is ea é seo le bunús stairiúil Naomh Bríd agus stair a hEaglaise i gCill Dara a iniúchadh.
 
Déanann an t-imeacht seo comóradh ar 1500 bliain ó cailleadh Naomh Bríd agus tá sé mar aidhm ag an gcomhdháil scoláirí agus díograiseoirí a thabhairt le chéile chun iniúchadh a dhéanamh ar oidhreacht shaibhir duine de na naomhphátrúin Éireannacha is mó a thaitníonn le daoine.

Dúirt Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, an tOllamh Eeva Leinonen: “Is ábhar bróid dúinn an chomhdháil seo a óstáil i mí Mheán Fómhair agus fíorchaoin fáilte a chur roimh aíonna ó chian is ó chóngar a bheidh anseo chun oidhreacht eisceachtúil Naomh Bríd a iniúchadh. Tá taighde dár gcuid dírithe ar chúrsaí Oidhreachta, Cultúir agus Teanga, agus, dá réir sin, tá saineolas faoi leith againn sa réimse seo agus táimid ag súil leis an malartú tuairimí agus leis na féidearthachtaí a bheidh mar thoradh ar an gcomhdháil seo”.  (Aistrithe go Gaeilge)
 
Ag an gcomhdháil, déanfar iniúchadh ar shaol agus ar ré Naomh Bríd agus ar a hEaglais i gCill Dara ón 5ú go dtí an 9ú haois. Beidh cainteoirí clúiteacha ó gach cearn den domhan i láthair ag an gcomhdháil, atá á chur in eagar ag an Dr Niamh Wycherley de chuid Ollscoil Mhá Nuad (Roinn na Sean-Ghaeilge) lena n-áirítear na hacadóirí agus saineolaithe an tOllamh Catherine McKenna ó Ollscoil Harvard, an tOllamh David Stifter ó Ollscoil Mhá Nuad, an tOllamh Thomas Owen Clancy ó Ollscoil Ghlaschú agus go leor cainteoirí eile.

Tabharfaidh gach cainteoir léargas agus saineolas ar leith do lucht na comhdhála le linn dóibh iniúchadh a dhéanamh ar an móroidhreacht a bhaineann le Naomh Bríd agus lena hEaglais i Cill Dara.
 
Dúirt Sonya Kavanagh, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chill Dara: "Tá an-áthas orainn comhoibriú le hOllscoil Mhá Nuad ar an ócáid thábhachtach seo, a cheiliúrann saol Naomh Bríd agus a leagann béim freisin ar an tábhacht atá lenár n-oidhreacht chultúrtha a chaomhnú tríd an bplé acadúil agus trí rannpháirtíocht an phobail." (Aistrithe go Gaeilge)
 
Chomh maith leis sin, dúirt an tOllamh David Stifter ó Ollscoil Mhá Nuad: “Tugann an chomhdháil seo deis do Roinn na Sean-Ghaeilge na príomhshnáitheanna taighde a dhéantar againn i Má Nuad a thabhairt le chéile agus a chur i láthair. Is é sin taighde ar ábhair ina gcuireann cuid mhór daoine lasmuigh de lucht na hacadúlachta an-spéis: stair reiligiúnach agus intleachtúil Éire na Meánaoise Luaithe agus stair an traidisiúin scríofa is luaithe sa Ghaeilge agus atá ar fáil san ogham”.
 
Is clár cuimsitheach é Brigid 1500 a eagraíonn Comhairle Contae Chill Dara agus is é aidhm an chláir seo saol agus oidhreacht Naomh Bríd a cheiliúradh agus a chomóradh.
 
Beidh Saolta Bhríde ar siúl in Ollscoil Mhá Nuad Dé hAoine 13 agus Dé Sathairn 14 Meán Fómhair.  Más mian leat tuilleadh eolais nó sonraí maidir le clárúchán a fháil do Shaolta Bhríde, tabhair cuairt ar www.brigid1500.ie