Linda agus Brian Ervine i Má Nuad

Linda Ervine (ar dheis) faoi agallamh
Thursday, April 13, 2017 - 11:30

        “We say in Irish, ‘Tá Gaeilge agam’. Well, I wanted to have Irish, too.”

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, thug Lárionad na Gaeilge agus an Edward M. Kennedy Institute, Ollscoil Mhá Nuad cuireadh do Brian Ervine agus do Linda Ervine labhairt ar an téama ‘An Dílseoir agus an Ghaeilge i dTuaisceart Éireann’. Thug Brian, deartháir le David Irvine nach maireann, iar‑cheannasaí an Progressive Unionist Party, píosa spleodrach greannmhar cainte ar a chúlra agus ar an dearcadh a bhí aige féin agus ag a mhuintir ar an Phoblacht, ar chúrsaí Gaeilge agus ar fhéiniúlacht an dílseora. Mhínigh sé an tábhacht atá leis an iolrachas cultúir agus leis an iolrachas féiniúlachta i dtír ar bith, go háithrid sa lá atá inniu ann.
 
Don dara leath den ócáid, chuir mic léinn na hOllscoile agallamh ar Linda Ervine, i nGaeilge agus i mBéarla, faoina saol féin agus faoin turas teanga a thug i dtreo na Gaeilge í. Labhair Linda ar bhealach paiseanta ionraic faoin dóigh a d’fhill sí ar an oideachas agus faoin tionchar dearfach a d’imir sé seo ar a saol. Agus í ag dul i mbun taighde ar a seanmhuintir, d’fhoghlaim sí go raibh Gaeilge agus Béarla acu agus shocraigh sí féin filleadh ar an Ghaeilge, rud a thug isteach i saol nua eile í agus a thug tuiscint níos fearr di ar a muintir agus a timpeallacht féin.