Wednesday, May 20, 2015 - 12:30
Bunaithe ar thaighde ar an dea-chleachtas in oiliúint múinteoirí, d’fhorbair Ionad na dTeangacha an cúrsa Dioplóma seo i 2012. Cuirtear béim láidir sa Dioplóma ar an gcleachtadh teagaisc sa seomra ranga. Tá béim ar an bhféin-anailís, ar an bpiar-mheasúnú agus ar thacaíocht phraiticiúil don mhúinteoir. Beidh deis ag gach rannpháirtí tacaíocht agus comhairle a fháil ó mheasúnóir a thabharfaidh trí chuairt ar an rannpháirtí le linn dó /di a bheith i mbun teagaisc.
Feidhmeanna an chúrsa:
- Oiliúint a chur ar fáil do rannpháirtithe maidir le conas Gaeilge a mhúineadh d’fhoghlaimeoirí fásta.
- Cur le scileanna teagaisc na rannpháirtithe.
- Cur le heolas na rannpháirtithe ar an taighde is deireanaí a rachadh chun tairbhe dóibh i múineadh na Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta.
- Deis a thabhairt do rannpháirtithe smaointe, moltaí praiticiúla agus tuairimí a mhalartú.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcúrsa, cliceáil anseo.