Cúrsa praiticiúil atá ann ina ndírítear ar chruinneas Gaeilge agus ar chúrsaí stíle, ar fhadhbanna a thagann chun cinn go minic san aistriúchán Béarla–Gaeilge, ar ghnéithe den teoiric a bhfuil feidhm phraiticiúil leo, ar scileanna teicneolaíochta, agus ar chleachtais ghnó agus ghairmiúla in earnáil an aistriúcháin agus na heagarthóireachta. Cuirtear béim láidir ar scileanna eagarthóireachta sa chúrsa freisin, sa dóigh is go mbeidh na rannpháirtithe in ann a saothar féin agus saothar daoine eile a athbhreithniú go héifeachtach.
Cé go bhfuil an clár dírithe go príomha ar dhaoine atá ag obair mar aistritheoirí cheana féin agus ar dhaoine a bhfuil sé i gceist acu dul ag obair san earnáil sin, rachadh sé chun sochair freisin do dhaoine a bhíonn ag obair trí Ghaeilge in earnáil ar bith agus ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga.
Bronnfar Dioplóma Iarchéime orthu siúd a bhainfidh an pasmharc de 60% amach ag deireadh an chúrsa. Tabharfar deis do na mic léinn sin a bhainfidh 65% nó os a chionn amach sa Dioplóma Iarchéime tráchtas a scríobh agus MA a bhaint amach. Is idir mí Mheán Fómhair agus mí Lúnasa, tar éis dóibh an Dioplóma Iarchéime a chríochnú, a bheidís ag gabháil don chéim bhreise sin.
1. Bunchéim (ní gá gur céim sa Ghaeilge a bheadh ann).
2. Pas i scrúdú iontrála teanga. Beidh an scrúdú iontrála ar siúl ar líne i mí Lúnasa.
MH51C Scrúdú iontrála samplach
Tá líon teoranta spásanna ar fáil ar an gcúrsa seo. Tabharfar tairiscintí d’iarrthóirí bunaithe ar na marcanna a gheobhaidh siad sa scrúdú scríofa. B’fhéidir go dtarlóidh go mbeidh Larionad na Gaeilge ag iarraidh iarrthóirí a chur faoi agallamh mar chuid den phróiseas iarratais.
Is cúrsa páirtaimseartha ar líne é an Dioplóma Iarchéime/MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht.
Caitheann mic léinn dhá bhliain ag gabháil don Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht, agus bliain sa bhreis ag gabháil don MA.
An gá céim sa Ghaeilge a bheith agam le cur isteach ar an gcúrsa?
Ní gá. Is iad na riachtanais iontrála ná:
1. Bunchéim (ní gá gur céim sa Ghaeilge a bheadh ann).
2. Pas i scrúdú iontrála teanga (gramadach, ceartúsáid na teanga, aistriúchán agus píosa scríbhneoireachta). Tá scrúdú samplach iontrála ar fáil ar shuíomh idirlín an chúrsa. Bionn an scrúdú iontrála ar siúl ar líne i mí Lúnasa.
Cén saghas deiseanna fostaíochta a bhaineann leis an gcáilíocht seo?
Tá céimithe de chuid an chúrsa seo ag obair i réimse leathan ról – mar aistritheoirí, léitheoirí profaí, eagarthóirí, dlítheangeolaithe, oifigigh Ghaeilge, múinteoirí agus léachtóirí, cuir i gcás. Tá poist bainte amach acu in institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh, i ranna agus eagraíochtaí Stáit, i gníomhaireachtaí aistriúcháin, i scoileanna agus ollscoileanna, sna meáin, agus i gcomhlachtaí foilsitheoireachta.
Táim ag obair go lánaimseartha agus tá cúraimí eile pearsanta orm. An mbeidh an cúrsa seo oiriúnach dom?
Is minic go mbíonn mic léinn an chúrsa ag obair go lánaimseartha agus iad i mbun an chláir. Bíonn cúraimí teaghlaigh agus eile ar chuid mhaith acu freisin. Ar an iomlán, ní chuireann sé an iomarca stró ar dhaoine a bheith bord ar bhord leis an staidéar. Moltar do rannpháirtithe idir 10-12 uair an chloig sa tseachtain a chur i dtreo obair an chúrsa.
An bhfuil aon chúnamh airgeadais ar fáil chun an cúrsa seo a dhéanamh?
Bronntar scoláireachtaí ar fiú táillí iomlána an Dioplóma Iarchéime iad ar an mbeirt is fearr a chruthóidh sa scrúdú iontrála. Ní chuirtear san áireamh ach na hiarrthóirí a thugann faoin bpríomhscrúdú iontrála agus na scoláireachtaí á mbronnadh; má chailleann iarrthóir an príomhscrúdú iontrála sin, tabharfar deis dó/di an scrúdú iontrála a dhéanamh ar dháta eile chun áit a ghnóthú ar an gcúrsa, ach ní bheidh sé/sí i dteideal ceann de na scoláireachtaí, fiú má ghnóthaíonn sé ceann de na marcanna is airde sa scrúdú sin.
Déan iarratas ar líne ag www.pac.ie.
Spriocdháta: 18 Lúnasa 2024
Scrúdú iontrála ar líne: Lúnasa 2024
Cód PAC don Dioplóma Iarchéime: MH51C
Cód PAC don MA: MH53C (Is gá MH51C a bheith déanta ag iarrthóirí ar dtús).
Táille an chúrsa: €2000 sa bhliain móide an tobhach mic léinn (€150 atá ar an tobhach sa bhliain 2024-25)
Tuilleadh eolais i mbunachar acadúil na hollscoile nó [email protected]