Beidh ábhar an chúrsa á sheachadadh ar líne – freastalóidh rannpháirtithe ar cheardlanna agus ar chruinnithe ar líne chun tacú leo dul i ngleic leis an ábhar agus beidh teacht ar ábhar tacaíochta trí chlár Moodle na hOllscoile.
Beidh ar rannpháirtithe an chúrsa cleachtadh teagaisc 30 uair an chloig a chomhlíonadh. Is féidir na ranganna seo a bheith in aon áit ar domhan, a fhad is go bhfuil ceangal idirlín ann agus an trealamh cuí ar fáil chun gur féidir ‘cuairt’ a thabhairt ar an rang. Beidh an deis ag gach múinteoir a bheith ag obair le meantóir a thabharfaidh ‘cuairt’ ar an rang agus a chuirfidh cabhair agus comhairle ar fáil mar gheall ar an teagasc.
Ní cúrsa Gaeilge é an cúrsa seo. Is cúrsa é i múineadh na Gaeilge – pléifidh an cúrsa le modheolaíochtaí teagaisc, leis an dea-chleachtas i múineadh teangacha agus le scileanna praiticiúla don seomra ranga.
Beidh ar iarrthóirí a léiriú go bhfuil caighdeán ar leith Gaeilge acu chun go mbeidh siad i dteideal áit a fháil ar an gcúrsa, chomh maith leis na scileanna teicneolaíochta cuí chun a bheith in ann obair an chúrsa a chomhlíonadh. Chuige sin, beidh scrúdú iontrála (scríofa agus cainte) agus agallamh i gceist ar líne.
Beidh an scrúdú bunaithe ar scrúdú TEG B2 (Meánleibhéal 2). Cuirfear treoracha ar fáil maidir leis na scrúduithe agus an t-agallamh nuair a bheidh na hiarratais próiseáilte.
Beidh na scrúduithe iontrála ar siúl i Mí Lúnasa 2024. Beidh an próiseas iarratais oscailte i mí an Mhárta. Idir an dá linn, má tá tú ag iarraidh do spéis sa chúrsa a léiriú, seol d’ainm agus do sheoladh ríomhphoist chuig [email protected] agus cuirfear ar an eolas thú a luaithe is atá an córas iontrála oscailte.
Cúrsa páirtaimseartha ar líne é seo a mhaireann bliain acadúil. Tá mioneolas faoi ábhar an chúrsa agus eile ar fáil anseo.
Tosóidh an cúrsa i Meán Fómhair 2024 agus beidh sé ar siúl go dtí Meitheamh 2025.
Cé air a bhfuil an cúrsa dírithe?
Tá an cúrsa seo oiriúnach d’éinne atá ag múineadh na Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta. Tá sé oiriúnach dóibh siúd nach bhfuil aon taithí teagaisc acu, dóibh siúd ar bheagán taithí, agus dóibh siúd atá ag múineadh na Gaeilge le fada ach atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna.
An cúrsa Gaeilge é?
Ní cúrsa Gaeilge é an cúrsa seo. Is cúrsa é i múineadh na Gaeilge – pléifidh an cúrsa le modheolaíochtaí teagaisc, leis an dea-chleachtas i múineadh teangacha agus le scileanna praiticiúla don seomra ranga. Beidh ar iarrthóirí a léiriú go bhfuil caighdeán ar leith Gaeilge acu chun go mbeidh siad i dteideal áit a fháil ar an gcúrsa. Léireoidh siad an caighdeán seo i scrúdú iontrála a bheidh bunaithe ar scrúdú TEG B2.
Cén fhad a bheidh an cúrsa?
Tosóidh an cúrsa i Meán Fómhair 2024 agus beidh sé ar siúl go dtí Meitheamh 2025.
An mbeidh cáilíocht agam?
Beidh teastas Ollscoile (Leibhéal 6) ó Ollscoil Mhá Nuad á bhronnadh orthu siúd a chomhlíonann an cúrsa go sásúil.
Cad atá i gceist leis an gcleachtadh teagaisc?
Beidh ar rannpháirtithe an chúrsa cleachtadh teagaisc 30 uair an chloig a chomhlíonadh. Is féidir na ranganna seo a bheith in aon áit ar domhan, a fhad is gur ranganna Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta atá i gceist. Beidh an deis ag gach múinteoir tacaíocht agus aiseolas a fháil faoina gcuid teagaisc. Is faoi na rannpháirtithe féin atá sé na ranganna seo a eagrú – ní ranganna de chuid an Lárionaid atá iontu.
Conas a gheobhaidh mé rochtain ar an gcúrsa?
Beidh ceangal idirlín agus ríomhaire nó iPad / táibléad ag teastáil chun páirt a ghlacadh sa chúrsa seo. Beidh ábhar an chúrsa ar líne, beidh ceardlanna agus cruinnithe ar líne á n-eagrú agus beidh ríomhaire/iPad/táibléad le ceamara ag teastáil chun páirt a ghlacadh sna cuairteanna ar an seomra ranga.
Cad é an t-ualach oibre a bheidh i gceist?
An ghné shioncronach: Beidh ceardlann ar siúl uair sa mhí ó 7-9pm tráthnóna Dé Luain. Beidh seisiún tacaíochta (roghnach) ar siúl uair sa mhí chomh maith ó 7-8pm tráthnóna Dé Luain. Beidh rannpháirtithe an chúrsa ag múineadh ranganna i rith thréimhse an chúrsa – 30 uair an chloig ar fad. Gheobhaidh siad 3 chuairt ó mheantóir a bheidh ag obair leo, agus dhá sheisiún aiseolais / tacaíochta.
Ábhar aisioncronach: Beidh rochtain ag rannpháirtithe ar ábhar tacaíochta ar shuíomh Moodle an chúrsa – ábhar físe, fuaime agus léitheoireachta a thacóidh leo leis an teagasc. Gheobhaidh siad comhairle san ábhar sin maidir le conas ranganna a phleanáil, conas gníomhaíochtaí ranga a dhearadh, conas plé le scileanna éagsúla sa seomra ranga agus mar sin de. Déanfaidh siad tascanna míosúla bunaithe ar an ábhar sin. Beidh tionscadal le cur i gcrích bunaithe ar fhéin-anailís ar an teagasc agus ar an aiseolas ón meantóir. Beidh fillteán teagaisc le cur le chéile ina mbeidh samplaí de phleananna ceachta agus d’ábhar eile bunaithe ar na ranganna.
Conas a tharlóidh na ‘cuairteanna’ ar mo rang?
Tá cúpla féidearthacht ann maidir leis na cuairteanna ar an seomra ranga. Má tá ranganna á múineadh agat ar líne, tabharfaidh an meantóir cuairt ar do rang ar líne – roinnfidh tú nasc chuig an rang leis an meantóir roimh ré. Muna bhfuil tú ag múineadh ar líne agus ranganna ar siúl agat i ngnáthsheomra ranga, déanfaidh tú taifeadadh de do rang agus roinnfidh tú an taifeadadh leis an meantóir i dtreo is gur féidir leis/léi an rang a fheiceáil. Féidearthacht eile ná go n-eagrófaí nasc ‘beo’ leis an rang le ceamara ar ríomhaire agus go dtabharfadh an meantóir cuairt ‘bheo’ ar an rang. Is féidir na féidearthachtaí seo ar fad a phlé le stiúrthóir an chúrsa roimh ré agus comhairle a fháil maidir leis an mbealach is fearr a d’oirfeadh do gach múinteoir.
Tá costas €600 ar an gcúrsa. Tá roinnt scolaireachtaí le bronnadh againn ar dhaoine a bheidh ag múineadh taobh amuigh d'Eirinn agus sa Ghaeltacht. Ní mór iarratas a dhéanamh ar dtús chun a bheith san áireamh do na scoláireachtaí.
Is é an spriocdháta iontrála ná an 18 Lúnasa 2024. Is trí PAC a dhéantar iarratas ar an gcúrsa. Téigh chuig www.pac.ie agus cuir an cód MH83C sa bhosca a deir Course name or code thíos ar dheis. Ta an córas iarratais ar oscailt anois.
Má tá aon cheist agat faoin gcúrsa, seol ríomhphost chuig ailin.nichonchuir@mu.ie
Bí linn!