Seo thíos comhairle do mhúinteoirí maidir lena ról agus iad ag pleanáil ranganna.
Tá comhairle anseo maidir le conas foghlaimeoirí a chur ar a suaimhneas ag tús cúrsa.
Ag cur Foghlaimeoirí ar a Suaimhneas
Seo thíos lón machnaimh faoi chreidiúintí an mhúinteora.
Tá cur i láthair ón Ollamh Muiris Ó Laoire anseo – tá inspreagadh agus sealbhú teanga mar ábhar cainte aige.
Bíonn machnamh ar riachtanais agus ar phróifílí foghlaimeoirí cabhrach agus tú ag pleanáil cúrsa. Tá lón machnaimh anseo faoi phróifílí foghlaimeoirí.
Próifílí Foghlaimeoirí
Bíonn riachtanais ag múinteoirí chomh maith le foghlaimeoirí. Bíonn sé tairbheach machnamh a dhéanamh ar do chuid riachtanas féin mar mhúinteoir. Cé acu de na múinteoirí seo is cosúla leatsa?
Tá comhairle spéisiúil ag Úna Nic Gabhann san fhíseán seo maidir le ról an mhúinteora.
Is próiseas leanúnach é forbairt an mhúinteora. Seo múinteoirí ag labhairt faoin méid atá foghlamtha acu ó thosaigh siad ag múineadh.
Bíonn foghlaimeoirí ag súil le tréithe ar leith ón múinteoir teanga. Is fiú machnamh a dhéanamh ar do thréithe féin. Seo liosta chun cabhrú leat machnamh a dhéanamh.
Tréithe an Mhúinteora
San fhíseán seo tugann Aodh Ó Gallchóir, Leas-Stiúrthóir TEG, míniú ar cad atá i gceist le TEG.
Tá comhairle anseo do mhúinteoirí maidir le bainistiú ranganna d’fhoghlaimeoirí fásta.
Seo seicliosta úsáideach bunaithe ar chomhairle a chuireann meantóirí an chúrsa ar fáil sna seisiúin aiseolais do na múinteoirí. Tá eolas ann maidir le conas dul i ngleic le cuid de na dúshláin is mó do mhúinteoirí a thagann chun cinn sna ranganna.
Is féidir úsáid éifeachtach a bhaint as pictiúir chun an chaint a spreagadh i ranganna teanga. San fhíseán seo tá roinnt moltaí maidir le conas é sin a dhéanamh.
Tá cur i láthair anseo ón Dr Emily Barnes faoi theagasc na foghraíochta agus na fóineolaíochta.
Tá comhairle ag Lisa Ní Fhlatharta san fhíseán seo faoi úsáid míreanna físe agus fuaime sa seomra ranga.
Sa chur i láthair seo tá Aoife Ní Ghloinn, stiúrthóir Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, ag labhairt faoi mhúineadh na gramadaí.
Tá an Dr Karen Ní Chlochasaigh ag trácht ar an teagasc ar líne san fhíseán seo.:
Tá moltaí anseo mar gheall ar conas aithne níos fearr a chur ar fhoghlaimeoirí i ranganna ar líne.
Seo sampla beag de ghníomhaíocht cainte don rang ar líne. Tá blaiseadh ann de na samplaí éagsúla de ghníomhaíochtaí a bpléitear leo sa chúrsa.
Taispeántar sa chur i láthair seo conas an acmhainn Wordwall a úsáid agus tú ag dearadh gníomhaíochtaí ranga.
Taispeántar sa chur i láthair seo cuid de na féidearthachtaí a bhaineann leis an acmhainn Padlet agus tú ag dearadh gníomhaíochtaí ranga.
Taispeántar sa chur i láthair seo conas an acmhainn Quizlet a úsáid agus tú ag dearadh gníomhaíochtaí stór focal.
Seo comhairle ón Dr Mairéad Conneely mar gheall ar ghníomhaíochtaí ranga.
San fhíseán seo feicfidh tú Sinéad Ní Ghuidhir, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, ag labhairt faoin ról meantóireachta atá aici leis an gcúrsa Teastas i Múineadh na Gaeilge. Tugtar léargas ann ar ghné mheantóireachta an chúrsa.