Léachtaí Cholm Cille 50, 2019

Friday, April 26, 2019 - 05:00 to Saturday, April 27, 2019 - 18:00
Ollscoil Mhá Nuad

Beidh Léachtaí Cholm Cille 50 ar siúl ar an 26-27 Aibreán 2019.
 
Comóradh an Leathchéid: Téamaí agus Tionscadail Taighde
 
Agus sinn ag ceiliúradh 50 bliain de Léachtaí Cholm Cille i mbliana beifear ag breathnú siar agus romhainn ar ghnéithe éagsúla dá bhfuil bainte amach agus dá bhfuil ag tarlú anois i réimsí éagsúla de léann na Gaeilge. Gné lárnach den chomhdháil is ea go mbeifear ag díriú ar thionscadail taighde a bhfuil maoiniú faighte acu. Ní fhágfar aon tréimhse den teanga ar lár agus beidh smorgasbord de thopaicí ar fáil – cúrsaí litríochta agus critice na Nua-Ghaeilge, teanga na Sean-Ghaeilge, léann an leighis sna meánaoiseanna, corpas na Nua-Ghaeilge Clasaicí, bunachair bhéaloidis agus logainmneacha, agus próifíliú lucht foghlama na Gaeilge. 
  LÉACHTAÍ CHOLM CILLE 50
https://www.leachtaicholmcille.ie/

Tuilleadh eolais : Fon +353 01 708 3666