Oifig na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad
ToggleNews
Triail Teanga ar Líne Seolta ag TEG
Tá triail Ghaeilge ar líne seolta ag Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) in Ollscoil Mhá Nuad a chuirfidh ar chumas foghlaimeoirí a gcaighdeán sa Ghaeilge a mheas is cuma cén áit sa domhan a bhfuil siad.
Date: Thursday, 18 June 2020
Tús Maith Curtha le hAtlas Litríocht na Gaeilge i Má Nuad
Cuireadh tús le tionscadal taighde, Scríobhaithe Gaeilge an Tuaiscirt, i Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad i mbliana.
Date: Thursday, 11 June 2020
"Aisling, Aisling" Léirithe den Chéad Uair le Linn Sheachtain na Gaeilge 2020
Ba é buaicphointe na seachtaine do roinnt mhaith daoine ná an chéad chóiriú de dhráma dátheangach nuascríofa a cuireadh ar stáitse san Aula Maxima.
Date: Monday, 08 June 2020
Borradh in úsáideoirí na hacmhainne foghlama Gaeilge Vifax
Ó dúnadh na scoileanna agus coláistí tríú leibhéal ar an 12 Márta, tá méadú as cuimse tagtha ar líon na ndaoine a úsáideann VIFAX.
Date: Monday, 08 June 2020
Profs Karen Till and Philipp Rosemann elected to Royal Irish Academy
Gabhann Ollscoil Mhá Nuad comhghairdeas leis an Ollamh Karen Till agus leis an Ollamh Philipp Rosemann tar éis dóibh bheith glactha isteach go hAcadamh Ríoga na hÉireann inniu.
Date: Friday, 22 May 2020
Gradam Ghlór na nGael don Obair Phobail Bronnta ar Chuallacht Cholmcille
Ag searmanas ar líne ar 21 Bealtaine, bronnadh Gradam Ghlór na nGael don Obair Phobail ar Chuallacht Cholmcille.
Date: Friday, 22 May 2020
Gradam Campais Buaite ag Cuallacht Cholmcille
Bhí ríméad ar mhuintir Chuallacht Cholmcille le déanaí nuair a bhuaigh siad an Gradam don Chumann is Feabhsaithe ag Gradaim na gClubanna agus na gCumann de chuid Ollscoil Mhá Nuad.
Date: Friday, 01 May 2020
Gníomhaíochas agus an Ghaeilge Pléite in Aontas Mac Léinn Mhá Nuad
Le linn Sheachtain na Gaeilge 2020 in Ollscoil Mhá Nuad, chuir Aontas Mac Léinn Mhá Nuad pléphainéal ar siúl sa Venue.
Date: Friday, 24 April 2020
MU Library lends napping pods to Tallaght Hospital
D’oibrigh Leabharlann OMN le Amazon Web Services chun Faighneoga Codlata a chur ar fáil do fhoireann Ospidéal Ollscoile Thamhlachta sa bhearna bhaoil ionas gur féidir leo athnuachan a dhéanamh orthu féin.
Date: Monday, 06 April 2020
Gearrscannán Gaeilge in Ómós don Athair Peadar
Tháinig Gaeilgeoirí ar champas Ollscoil Mhá Nuad, idir mhic léinn agus baill foirne, le chéile chun gearrscannán a dhéanamh ina n-athinsítear Séadna in ómós dá údar, an tAthair Peadar Ó Laoghaire.
Date: Monday, 23 March 2020