Maynooth University Healthy Campus 

 

 

The Healthy Campus Team promote health and wellbeing for all students/staff. We adopt a holistic understanding of health that focuses on the whole person and recognises the many determinants of health. Our goal is to build on existing initiatives to make Maynooth University a healthier, happier place to study and work. We want to create a safe, supportive culture where healthy choices are available and accessible for everyone, and where individuals have the opportunity to improve their own health and wellbeing knowledge, skills and health status.

A key part of the Healthy Campus concept is partnership and a whole campus approach. This means in addition to a dedicated Healthy Campus Team, Maynooth University will have a Healthy Campus Steering Committee and 6 x Framework Implementation Groups (FIGs). Each FIG will be made up of students, staff and external experts who will work together to create action plans, mobilise resources and promote events, activities and campaigns related to our 6 key areas: Mental Health & Wellbeing, Physical Activity, Healthy Eating, Sexual Health, Healthy Physical Environments and Substances & Addictive Behaviours.   
 
Cuireann an Fhoireann um Shláinte an Champais sláinte agus folláine na mac léinn agus na foirne chun cinn. Tá tuiscint iomlánaíoch againn ar shláinte a dhíríonn ar an duine trí chéile agus a aithníonn go bhfuil an-chuid cinntitheach sláinte ann. Tá sé i gceist againn tógaint ar thionscnaimh atá ar bun cheana féin chun go mbeadh OMN níos sláintiúla agus níos sona mar áit chun staidéar agus obair a dhéanamh. Táimid ag iarraidh cultúr tacúil a chruthú, áit a bhfuil roghanna sláintiúla ann agus ar fáil do chách, agus áit a bhfuil an deis ag daoine aonair a n-eolas agus a scileanna maidir le sláinte agus folláine agus a stádás sláinte a fheabhsú.  
 
I gcroílár mhisean an Champais Shláintiúil tá páirtnéireacht agus cur chuige lán-champais. Ciallaíonn sé seo go mbeidh, chomh maith le Foireann um Shláinte an Champais atá go hiomlán tiomanta don mhisean, Coiste Stiúrtha don Champas Sláintiúil agus sé Ghrúpa Forfheidhmithe Creata nó FIGs ann. Beidh mic léinn, baill foirne agus saineolaithe seachtracha páirteach i ngach FIG a oibreoidh le chéile chun pleananna gníomhaíochta a chruthú, acmhainní a aimsiú agus imeachtaí, gníomhaíochtaí agus feachtais a bhaineann leis na sé réimse thíosluaite a chur chun cinn.