Breis is 360 Státseirbhíseach cláraithe do scrúduithe TEG i mí na Nollag 2022

Friday, December 16, 2022 - 16:00

Tá borradh mór faoin éileamh atá ar scrúduithe Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) faoi láthair, go háirithe agus é mar aidhm ag Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú 2021) go mbeidh 20% d’fhosaithe nua san earnáil phoiblí inniúil ar an nGaeilge faoin mbliain 2030. Fógraíodh le déanaí go bhfuil cáilíochtaí TEG le comhtháthú sna córais oiliúna teanga  a chuirtear ar fáil do bhaill foirne na Státseirbhíse. 

Ag tús mhí na Nollag 2022, chuir TEG tús lena chomhoibriú le OneLearning agus Gaelchultúr, Coláiste na hÉireann, agus chláraigh breis is 360 Státseirbhíseach ó 38 roinn stáit do scrúduithe TEG ag leibhéil éagsúla, ó Bhonnleibhéal 1(A1) go hArdleibhéal (C1). Tá sé beartaithe ag TEG agus ag OneLearning scrúduithe a chur ar fáil do Státseirbhísigh arís i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh 2023. 

Mar gheall ar an méadú ar éileamh ar scrúduithe TEG, bhronn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán €1.6 milliún ar TEG an mhí seo caite chun tacú leis an obair mhór seo agus le forbairtí eile atá beartaithe ag TEG as seo go ceann trí bliana. Toradh eile ar an bhforbairt seo ná go bhfuil foireann TEG ag fás agus go bhfuil earcaíocht ar bun chun roinnt folúntas a líonadh.  Tuilleadh eolais ar shuíomh Acmhainní na hOllscoile