Leibhéal |
Treoir |
Bonnleibhéal 1 (A1) |
Oiriúnach do ghlantosaitheoirí. |
Bonnleibhéal 2 (A2) |
Feiliúnach do dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil, ag an ngnáthleibhéal b'fhéidir, a bhraitheann nár thug siad na bunscileanna teanga leo agus ar mhaith dul ar ais agus an teanga a athfhoghlaim. Is minic gur daoine iad:
(i) a rinne Gnáthleibhéal Gaeilge san Ardteistiméireacht nó
(ii) a shaothraigh H5 nó faoina bhun i scrúdú Ardeibhéal na hArdteiste nó
(iii) a bhain amach pas maith i scrúdú Theastas Eorpach na Gaeilge Bonnleibhéal 1 (A1).
|
Meánleibhéal 1 (B1)
|
Feiliúnach do dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge go dtí an t-ardleibhéal, a bhfuil tuiscint réasúnta maith acu ar an nGaeilge ach nach bhfuil muinín acu as a gcuid scileanna labhartha agus scríofa. Is minic gur daoine iad:
(i) a rinne Ardleibhéal Gaeilge san Ardteistiméireacht agus a bhain amach grád H3 nó H4 nó
(ii) a bhain pas maith amach i scrúdú Theastas Eorpach na Gaeilge Bonnleibhéal 2(A2). |
Meánleibhéal 2 (B2) |
Feiliúnach do dhaoine a bhfuil tuiscint mhaith acu ar an teanga agus atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna labhartha agus scríofa i gcomhthéacsanna pearsanta agus gairmiúla. Is minic gur daoine iad:
(i) a rinne Ardleibhéal Gaeilge san Ardteistiméireacht agus a bhain amach grád H1 nó H2 nó
(ii) a bhain amach pas maith i scrúdú Theastas Eorpach na Gaeilge Meánleibhéal 1(B1) nó
(iii) a raibh Gaeilge mar ábhar acu sa chéad bhliain i gclár BA agus pas maith acu ann nó
(iv) a mbíonn teagmháil rialta agus reatha acu leis an teanga mar chuid dá gcuid oibre nó a saol sóisialta.
Caithfidh tú ar a laghad ceann de na critéir thuas a shásamh agus iarrfar ort fianaise maidir leis seo a chur ar fáil. Cé gurb é seo an leibhéal a shásaíonn riachtanais iontrála na Roinne Oideachais agus Scileanna do dhaoine atá ag iarraidh cur isteach ar chláir acadúla sa bhunoideachas, mura bhfuil staidéar déanta agat ar an nGaeilge le fada, ní mholtar do dhaoine tosú ag leibhéal B2. |
Level |
Guide |
Bonnleibhéal 1(A1) |
Suitable for complete beginners. |
Bonnleibhéal 2 (A2) |
Suitable for people who studied Irish at school, at ordinary level perhaps, who feel that they never truly acquired the basics and who are looking to go back to relearn the language. They may have:
(i) passed Ordinary Level Leaving Cert Irish or (ii) achieved a H5 or lower in the Leaving Cert higher level exam or
(iii) passed Teastas Eorpach na Gaeilge Bonnleibhéal 1 (A1) exam. |
Meánleibhéal 1 (B1) |
Suitable for people who studied Irish to higher level at school and who have a reasonably good understanding of the language but who do not have confidence in their speaking and writing skills. They may have:
(i) taken Higher Level Leaving Cert Irish achieving H3 or H4 (B2 grade or lower) or
(ii) passed Teastas Eorpach na Gaeilge Bonnleibhéal 2 (A2) exam. |
Meánleibhéal 2 (B2) |
Suitable for people who already have a high level of understanding of the language and who wish to to work on their speaking and writing skills for use in social and professional situations. They may have:
(i) taken Higher Level Leaving Cert Irish and achieved a H1 or H2 grade (A1, A2 or B1) or
(ii) passed Teastas Eorpach na Gaeilge Meánleibhéal 1 (B1) exam or
(iii) taken Irish as a subject in the first year of a BA programme or
(iv) regular and current contact with the language through their work or social life.
You must meet at least one of the above criteria and you will be asked to supply evidence of this prior to registering. This is the
level that satisfies the Department of Education and Skills entry requirements for those who wish to apply for primary education programmes. B2
is not recommended as a starting point however if you haven't studied Irish for a long time. |
Tabharfaidh an triail ar líne léargas duit ar do chumas reatha sa Ghaeilge agus cabhróidh sé leat an leibhéal cuí a roghnú.
To choose the level which best suits your current proficiency, we recommend you take this short placement test.
Mar chuid den phróiseas iarratais ar an Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO, Bunmhúinteoireacht), beidh ar iarrthóirí scrúdú cainte TEG Meánleibhéal 1 (B1) a dhéanamh chun a gcumas sa Ghaeilge a mheas. Bheadh na ranganna labhartha ar líne ag Meánleibhéal 1 (B1) ina chabhair do dhaoine atá ag ullmhú don scrúdú sin.
Tá tuilleadh eolais faoi scrúdú TEG B1 don MGO ar fáil ag www.teg.ie.
As part of the application process for the Professional Master in Education (PME - Primary Teaching), applicants are required to take the Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) B1 Irish-language oral examination. The online B1 speaking classes listed above can help PME candidates to prepare for that exam. .
Further information about the PME Irish exam is available ag www.teg.ie.