Ollamh le Nua-Ghaeilge agus Taibhealaíona nuacheaptha ag Ollscoil Mhá Nuad

Monday, February 22, 2021 - 12:00

Is cúis mhór áthais ag Roinn na Nua-Ghaeilge a fhógairt go bhfuil Tríona Ní Shíocháin tar éis a bheith ceaptha mar Ollamh le Nua-Ghaeilge agus le Taibhealaíona.
Baineann taighde an Ollaimh Ní Shíocháin le filíocht na Gaeilge, leis an traidisiún béil agus leis na healaíona traidisiúnta, rud is léir óna réimse saothar foilsithe, saothar ar nós Bláth’s Craobh na nÚdar: Amhráin Mháire Bhuí (2012), eagrán iltéacsúil ina bhfuil tras-scríbhinní ceoil agus taifeadtaí cartlainne agus allamuigh ar amhráin Mháire Bhuí Ní Laoghaire ann, agus an leabhar is déanaí uaithi, Singing Ideas: Performance, Politics and Oral Poetry (Berghahn 2018).
Tar éis di bheith mar Cheann Léann na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh, bhí sí ina Ceann ar Roinn an Cheoil i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh roimh theacht go hOllscoil Mhá Nuad di. Tá cuntas teiste an-láidir aici i stiúradh taighde agus bronnadh scoláireachtaí Chomhairle Taighde na hÉireann ar thriúr de na mic léinn a bhí faoina stiúir le tamall anuas. Beidh beirt acu sin faoi chomhstiúir ag Roinn na Nua-Ghaeilge agus ag Roinn an Cheoil. Cruthóidh comhcheangal an Ollaimh Ní Shíocháin le Roinn an Cheoil comhoibriú spreagúil idir ranna na Nua-Ghaeilge agus an Cheoil, rud a bheidh ag teacht leis an gcultúr gníomhach idirdhisciplíneach atá ag Dámh na n-Ealaíon, an Léinn Cheiltigh agus na Fealsúnachta go ginearálta.
Agus í ag teacht go Roinn na Nua-Ghaeilge i Má Nuad, neartóidh an tOllamh Ní Shíocháin traidisiún daingean léinn na Roinne sin agus cuirfidh sí peirspictíocht chriticiúil Léann an Taibhléirithe le próifíl shainréimsí taighde na Roinne.
Ag labhairt faoina ceapachán dúirt an tOllamh Ní Shíocháin: ‘Tá próifíl ana-láidir go deo ag Ollscoil Mhá Nuad ó thaobh Léann na Nua-Ghaeilge de, ní hamháin in Éirinn ach ar fuaid an Domhain mhóir go léir, agus is mór an onóir dom gur ceapadh sa phost so me. Baineann idir nuálacht agus oidhreacht le cultúr na Gaelainne in Ollscoil Mhá Nuad, agus táim ag tnúth go mór le bheith ag obair leis an bhfoireann iontach atá ag Roinn na Nua-Ghaeilge agus ag Scoil an Léinn Cheiltigh araon.
“Tá cáil ar leithligh ar an gcultúr spreagúil idirdhisciplíneach intleachtúil atá i réim in Ollscoil Mhá Nuad, agus táim ag tnúth go mór leis na deiseanna a bheidh romham tograí nua a chur ar bun i gcomhpháirt le comhghleacaithe ar fuaid na hOllscoile, go háirithe sa cheol, sna taibhealaíona, agus sa taighde ealaíonta, agus i mórán réimsí eile chomh maith.
“Tá ana-theist ar phobal bríomhar cruthaitheach na mac léinn in Ollscoil Mhá Nuad, agus táim ag tnúth go mór le haithne a chur ar na mic léinn, le tacú le cultúr láidir na Gaeilge san ollscoil, agus le forbairtí nua sna taibhealaíona Gaeilge agus sna healaíona traidisiúnta a chur chun cinn ina measc.’

~~The Department of Modern Irish is delighted to announce the appointment of Tríona Ní Shíocháin as Ollamh le Nua-Ghaeilge agus le Taibhealaíona/Professor of Modern Irish and Performing Arts.
Professor Ní Shíocháin’s research centres on Irish poetry, the oral tradition and traditional arts as reflected in publications such as Bláth’s Craobh na nÚdar: Amhráin Mháire Bhuí (2012), a multi-text edition with musical transcriptions and archival and field recordings of the songs of Máire Bhuí Ní Laoghaire, and her most recent book, Singing Ideas: Performance, Politics and Oral Poetry (Berghahn 2018).
Having been previously Head of Irish Language and Literature at the University of Limerick, she was Head of Music at UCC before joining the staff of Maynooth University. Professor Ní Shíocháin has a strong track record in research supervision with three of her recent students being recipients of IRC scholarships.
Two of these students will be jointly supervised by the Departments of Nua-Ghaeilge and Music. Professor Ní Shíocháin’s affiliation with the Department of Music will create exciting new synergies between the departments of Nua-Ghaeilge and Music in keeping with the active culture of interdisciplinary collaboration in the Faculty of Arts, Celtic Studies and Philosophy more generally. 
In joining the Department of Modern Irish at Maynooth, Professor Ní Shíocháin will bolster a long tradition of literary scholarship as well as bringing the critical perspective of Performance Studies to the Department’s profile of research specialisms. 
Speaking about her appointment Professor Ní Shíocháin remarked: ‘Maynooth University has a remarkable legacy and profile in the field of Modern Irish scholarship both nationally and internationally. It is an honour to be appointed to this position, and I look forward immensely to working with the distinguished faculty of the Department of Modern Irish and the wider School of Celtic Studies.
“I am also excited by the many interdisciplinary opportunities within the rich and diverse research culture of Maynooth University, most particularly in music, performing arts and artistic research, and look forward to collaborations with colleagues in those areas. I also look forward very much to engaging with a vibrant and creative student cohort and supporting the further development of Irish-language performing and traditional arts within Maynooth University’s thriving Irish-language scene.’