Elisaveta Everard

School of Celtic Studies, Lárionad na Gaeilge

Tástálaí Teanga / TEG Language Tester

About

Is tástálaí teanga TEG í Elisaveta. Bíonn sí ag plé le hábhar scrúdaithe agus leis na scrúduithe (scríofa agus cainte) féin agus oibríonn sí i gcomhar le foireann TEG chun an dea-chleachtas sa tástáil teanga a chinntiú i gcónaí.

D’oibrigh sí mar theagascóir agus mar comhordaitheoir ar cheardlanna na tríú bliana sa Ghaeilge roimhe seo. Rinne sí ceardlanna a theagasc, ábhar teagaisc agus tascanna measúnaithe a dhearadh, obair chúrsa a cheartú agus a mharcáil, agus an dea-chleachtas sa teagasc a chur chun cinn.

Tá BA sa Nua-Ghaeilge agus sa Fhraincis agus MA sa Nua-Ghaeilge ag Elisaveta ó Ollscoil Mhá Nuad. Bronnadh Duais Chiste Theach an Ardmhéara uirthi sa bhliain 2019 tar éis di an bhunchéim a bhaint amach agus ghnóthaigh sí an chéad duais i gcomórtas Duaiseanna an Dr T.K. Whitaker sa bhliain 2020 as an taighde a rinne sí don MA sa Nua-Ghaeilge, taighde a bhain leis an tionchar a bhíonn ag cineálacha éagsúla tascanna measúnaithe ar chruinneas na Gaeilge labhartha. Bhain sí Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus Eagarthóireacht (ar líne) amach sa bhliain 2022 agus bronnadh Duais Uí Dhoibhlin i Léann an Aistriúcháin uirthi an bhliain chéanna. Bhain sí an Teastas i Múineadh na Gaeilge d'Fhoghlaimeoirí Fásta (ar líne) amach in 2023. Tá Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí Fhoras na Gaeilge bainte amach aici freisin.

Tá spéis aici i bhfoghlaim an dara teanga, sa teagasc agus tástáil teanga agus i gcúrsaí aistriúcháin. Tá Gaeilge, Béarla agus Rúisis líofa aici chomh maith le Fraincis mhaith agus beagáinín Spáinnise.