Caroline Ní Ghallchobhair

Lárionad na Gaeilge, Froebel Department of Primary and Early Childhood Education

Léachtóir i dTeanga agus Litríocht na Gaeilge
Teagascóir / Tutor

About

Is teagascóir Gaeilge í Caroline le Lárionad na Gaeilge agus déanann sí ceardlanna na chéad bhliana a theagasc. Tá sí ina comhordaitheoir agus teagascóir ar an gcúrsa rochtana Tar Linn ag Teagasc freisin - cúrsa a thacaíonn le mic léinn riachtanais iontrála Roinn Froebel don Bhun- agus Luath-Oideachas a bhaint amach. 

Tá BA sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag Caroline ó Choláiste Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Mar chuid den chéim, chaith sí bliain erasmus ag staidéar in Ollscoil Jyväskylä san Fhionlainn. Bhain sí MA amach sa bhliain 2017 i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge i gColáiste Ollscoile, Baile Atha Cliath. Bronnadh scoláireacht Fulbright ar Charoline sa bhliain 2019 agus chaith sí bliain mar theagascóir agus ambasadóir cultúrtha in Ollscoil Notre Dame, Indiana, sular thosaigh sí ag obair le hOllscoil Mhá Nuad.