Siuán Ní Mhaonaigh

Lárionad na Gaeilge

Stiúrthóir TEG/ Director of TEG

About

Is í Siuán Ní Mhaonaigh stiúrthóir Theastas Eorpach na Gaeilge. Is de bhunadh Ghaeltacht Dhún na nGall í agus tá céim BA aici ó Choláiste Phádraig, Má Nuad agus céim MPhil sa Teangeolaíocht Fheidhmeach ó Choláiste na Tríonóide.

Chaith sí tréimhsí ag obair in Ollscoil Uladh, Cúil Raithin agus in Institiúid Teangeolaíochta Éireann sular thosaigh sí ag obair go neamhspléach in 1998. Tá sí ag obair ar thionscadail éagsúla de chuid Ionad na dTeangacha/Lárionad na Gaeilge ó bhí tús an chéid ann. Bhí sí ag plé le VIFAX nuair a cuireadh an leagan Gaeilge ar fáil ar dtús. D’fhorbair sí an siollabas agus na hábhair theagaisc don Dioplóma sa Ghaeilge. Bhí sí i mbun teagaisc agus riar an chúrsa sin ar feadh roinnt blianta.

Ó 2004 i leith, tá sí ag plé le Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG). Déanann sí maoirseacht ar gach gné den córas scrúduithe: soláthar na n-ábhar scrúdaithe, oiliúint agus monatóireacht ar scrúdaitheoirí, próisis chaighdeánaithe, plé le páirtithe leasmhara agus araile. Cuid lárnach den obair a bhaineann le TEG ná an t-iniúchadh a dhéanann an Association of Language Testers in Europe (ALTE) ar chóras scrúduithe TEG gach cúig bliana. Anuas ar obair TEG, bíonn Siuán ag plé le tionscadail taighde de chuid Lárionad na Gaeilge. Ise a réitigh an dá thuarascáil taighde ‘Leasuithe ar Scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta – Anailís ar a dTionchar’ don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (2013 agus 2017).

Tá taithí fhairsing ag Siuán ar mhúineadh na Gaeilge d’fhoghlaimeoirí in Éirinn agus thar lear agus tá réimse leathan ábhair theagaisc agus foghlama curtha ar fáil aici i gcomhair le hAntain Mac Lochlainn.

Tá cainteanna, ceardlanna agus seimineáir tugtha aici faoi ghnéithe éagsúla den Teangeolaíocht Fheidhmeach; cúrsaí measúnachta, múineadh na gramadaí, forbairt siollabas, an FTCE agus araile.

Chaith sí ceithre bliana (2017-2020) ina cathaoirleach ar an Fhóram Forbartha Teanga ag Foras na Gaeilge.