Dr Tracey Ní Mhaonaigh
Gaeilge agus fáilte
Ceann Roinne
Biography
Is Ollamh Comhlach le Gaeilge í Tracey Ní Mhaonaigh, agus eagarthóir Irisleabhar Mhá Nuad. Rinne sí B.A., M.Litt. agus Ph.D. in Ollscoil Mhá Nuad. Tá spéis ar leith aici i gcúrsaí foclóireachta agus aistritheoireachta, i gcúrsaí drámaíochta agus scannánaíochta, i saol agus i litríocht Chorca Dhuibhne, agus i scéal na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad. Bronnadh an dochtúireacht uirthi as an obair a rinne sí ar an ollsaothar foclóireachta 'Croidhe Cainnte Ciarraighe' a thiomsaigh Seán Óg Ó Caomhánaigh. Tá roinnt leabhar curtha amach aici le tamall de bhlianta anuas, As Tobar an Doibhlinigh (2015), Tháinig do Litir... (2017), agus Ó Chófra Chuallacht Cholm Cille (2021), agus roinnt eagrán de Léachtaí Cholm Cille agus Irisleabhar Mhá Nuad curtha in eagar. Bunaíodh leabhrán speisialta, The Life and Legacy of An tAthair Eoghan Ó Gramhnaigh (2021), a chuir Comhairle Contae na Mí amach, ar alt a chuir sí i gcló i Ríocht na Midhe. Is ball í de Choiste Léann na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann.
Research Interests
Tá spéis ag Tracey i gcúrsaí foclóireachta agus aistriúcháin, agus sa stair liteartha agus chultúrtha. Taobh istigh de na réimsí sin, tá spéis ar leith aici in oidhreacht Ghaeilge Choláiste Phádraig, Má Nuad (agus ról Chuallacht Cholm Cille san oidhreacht chéanna), agus i dteanga, litríocht agus oidhreacht Iarthar Chiarraí.
Tá sí ina heagarthóir ar an iris Ghaeilge is sine atá fós á cur amach, Irisleabhar Mhá Nuad.
Le ceithre bliana anuas tá dhá leabhar curtha amach aici, As Tobar an Doibhlinigh (2015) agus Tháinig do Litir... (2017). Bailiúchán, atá sa chéad cheann, de rogha scríbhneoireachta de chuid Bhreandáin Uí Dhoibhlin, iar-Ollamh le Fraincis in Ollscoil Mhá Nuad agus Athair Scoil na Nua-Chritice sa Choláiste. Is scríbhneoir ildánach é Breanán, a bhfuil an t-uafás scríofa aige in imeacht na mblianta ar réimse leathan ábhar, litríocht agus critic na Gaeilge ina measc, i réimse leathan formáidí, lena n-áirítear, úrscéalta, aistí, ailt scolártha, ábhar cráifeach, dráma, aistriúcháin, ailt nuachtáin, srl. Chun blaiseadh a thabhairt do léitheoirí d'oidhreacht shaibhir an Doibhlinigh agus den chomaoin faoina bhfuil lucht uile na Gaeilge aige, a tugadh faoin saothar seo a chur le chéile.
Sé atá sa dara leabhar, an comhfhreagras idir an tAthair Peadar Ó Laoghaire agus Beirt Fhear (taobh an Athar Peadar de) atá ar coimeád i Leabharlann an Ruiséalaigh. 99 litir atá sa chnuasach a scríobhadh idir 1899 agus 1917, tréimhse fíorthábhachtach i scéal na hathbheochana Gaeilge. Anuas ar na litreacha iad féin, cuireadh breis agus 50 aguisín leis chun cuidiú le léitheoirí bearnaí sa chomhfhreagras a líonadh.
Tá obair leanúnach á déanamh aici ar an mórshaothar foclóireachta Croidhe Cainnte Chiarraighe (a thiomsaigh Seán Óg Ó Caomhánaigh). Cnuasach de bhreis agus 2 mhilliún focal atá anseo de Ghaeilge Iarthar Chiarraí, agus Chorca Dhuibhne go háirithe. Rinne sí anailís ar an gcnuasach seo don Dochtúireacht, agus tá leagan leictreonach den téacs curtha ar fáil anois aici ar shuíomh Fhoras na Gaeilge (https://www.forasnagaeilge.ie/fuinn/an-gum/croidhe-cainnte-ciarraighe/).

Book Chapter
Edited Book
Peer Reviewed Journal
Year | Publication | |
---|---|---|
2017 | Ní Mhaonaigh, Tracey (2017) 'Croidhe Cainnte Chiarraighe agus Foclóir an Duinnínigh'. COMHARTaighde, 3 :2-11. [Link] [Full-Text] | |
2015 | An Dr Tracey N Mhaonaigh (2015) 'Oidhreacht an Athar Peadar: Croidhe Cainnte Chiarraighe agus 'caint na ndaoine''. Leachtai Cholm Cille, Leachtai Cholm Cille XLV :48-79. [Full-Text] | |
2009 | N Mhaonaigh, T. (2009) 'Scéal Sheáin Óg agus a Ollsaothair Foclóireachta'. Comhar, 69 :12-14. [Full-Text] | |
2009 | Ní Mhaonaigh, T (2009) 'Croidhe Cainnte Chiarraighe: Scéal na gComhaontuithe'. BLIAINIRIS, 9 . [Full-Text] | |
2007 | Ní Mhaonaigh, T. (2007) 'Éacht Foclóireachta: Croidhe Cainnte Chiarraighe le Seán Óg Ó Caomhánaigh'. BLIAINIRIS, 7 :204-228. |
Other Journal
Year | Publication | |
---|---|---|
2023 | T. Ní Mhaonaigh (2023) 'Músclóir Misnigh' Comhar, 83 (11) . [DOI] | |
2022 | Tracey Ní Mhaonaigh (2022) 'Léirmheas ar LCC 52' Comhar, 82 (11) :21-23. [Link] | |
2022 | Ní Mhaonaigh, Tracey (2022) 'St Patrick's College, Maynooth, the Irish language revival effort and the Meath-men who made their mark' Ríocht na Midhe, XXXIII (2022) :198-220. | |
2019 | Tracey Ní Mhaonaigh (2019) 'The life and legacy of Eoghan Ó Gramhnaigh: 120 years on' Ríocht na Midhe, XXX :238-264. | |
2018 | Tracey Ní Mhaonaigh (2018) 'Stair Chuallacht Cholmcille' Irisleabhar Mhá Nuad 2018, 2018 :1-35. | |
2017 | Ní Mhaonaigh, Tracey (2017) 'Traidisiún Irisleabhar Mhá Nuad' Irisleabhar Mhá Nuad, 2017 :7-15. |
Conference Publication
Conference Contribution
Article
Year | Publication | |
---|---|---|
2022 | Tracey Ní Mhaonaigh (2022) The man from Co Meath who had at least 10 funerals. Baile Átha Cliath: [Article] [Link] | |
2021 | Tracey Ní Mhaonaigh (2021) Colm Cille agus Mic Léinn Choláiste Phádraig, Maigh Nuad. [Article] | |
2017 | Tracey Ní Mhaonaigh (2017) 120 Bliain ag Fás. Maynooth University: [Article] [Link] | |
2016 | Ní Mhaonaigh, Tracey (2016) Deireadh Ré. Maynooth: [Article] [Link] |
Magazine Article
Year | Publication | |
---|---|---|
2013 | Ní Mhaonaigh, Tracey & Ó Dúshláine, Tadhg (2013) A Blasket Bore: Reviewing the Review. [Magazine Article] [Full-Text] |
Edited Journal Issue
Certain data included herein are derived from the © Web of Science (2024) of Clarivate. All rights reserved.